Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • my scéal 37
  • Puball i Gcóir Adhradh

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Puball i Gcóir Adhradh
  • Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Taibearnacal i gComhair Adhartha
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Cuireadh Ghalánta Iehova a Bheith ina nAíonna Aige
    The An Túr Faire ag Fógairt Ríocht Iehova (Staidéar)—2024
Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
my scéal 37

SCÉAL 37

Puball i Gcóir Adhradh

IS PUBALL nó taibearnacal chun Iehobhah a adhradh é an foirgneamh seo. Chríochnaigh na daoine á thógáil bliain tar éis dóibh an Éigipt a fhágáil. Ach cé smaoinigh ar é a thógáil?

Ba é Iehobhah a smaoinigh air. Dúirt sé le Maois é a thógáil sa gcaoi is go mbeadh sé éasca é a bhaint ó chéile. Ar an gcaoi seo d’fhéadfaí na páirteanna a iompar go dtí áit eile agus iad a chuir le chéile arís ansin. Mar sin nuair a d’aistrigh na hIosraelítigh ó áit go háit ins an bhfásach, d’iompair siad an puball leo.

Má fhéachann tú isteach sa seomra beag ag deireadh an phubaill, feiceann tú bosca nó cófra. Áirc an chonartha a tugtar ar seo. Bhí dhá aingeal nó ceiribín déanta as ór ag dhá cheann an bhosca. Scríobh Idhobhah na Deich nAitheanta ar dhá leac arís, mar bhris Maois an chéad phéire. Agus coinníodh na leaca seo in áirc an chonartha. Coinníodh crúsca manna istigh ann freisin. An cuimhin leat céard é an manna?

Is é Arón, deartháir Mhaois, a roghnaíonn Iehobhah le bheith mar árd shagart. Treoraíonn sé na daoine ins an adhradh a thugann siad do Iehobhah. Is sagairt iad a chuid mic freisin.

Féach anois ar sheomra mór an phubaill. Tá sé faoi dhó chomh mór leis an seomra beag. An bhfeiceann tú an bosca nó cófra beag a bhfuil an deatach ag teacht as? Seo é an altóir ar a ndónn na sagairt stuf cúmhra ar a dtugtar túis. Ansin tá an seastán ar a bhfuil seacht lampa. Agus an tríú rud atá sa seomra ná bord. Coinnítear dhá bhuilín déag aráin ar seo.

I gclós an taibearnacail tá babhla mór, nó mias, atá líonta le huisce. Úsáideann na sagairt é i gcóir níochána. Tá altóir mhór ann freisin. Dóitear na hainmhithe marbh anseo mar thabhartas do Iehobhah. Tá an puball díreach i lár an champa, agus cónaíonn na hIosraelítigh ina gcuid pubaill féin thart timpeall air.

Eaxodus 25:8-40; 26:1-37; 27:1-8; 28:1; 30:1-10, 17-21; 34:1, 2; Eabhraigh 9:1-5.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn