Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 25 lth. 64-lth. 65 alt 3
  • Taibearnacal i gComhair Adhartha

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Taibearnacal i gComhair Adhartha
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Léirigh Meas ar do Phribhléid a Bheith ag Adhradh i dTeampall Spioradálta Iehova
    An Túr Faire ag Fógairt Ríocht Iehova (Staidéar)—2023
  • Puball i Gcóir Adhradh
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 25 lth. 64-lth. 65 alt 3
An taibearnacal agus a chlós

CEACHT 25

Taibearnacal i gComhair Adhartha

Nuair a bhí Maois ar Shliabh Shíonái, dúirt Iehova leis taibearnacal a thógáil, le go mbeadh áit ag na hIosraeilítigh chun Dia a adhradh. Bheadh siad in ann an taibearnacal a thabhairt leo agus iad ag imeacht ó áit go háit.

Dúirt Iehova: ‘Abair leis na daoine síntiús a thabhairt, de réir mar atá siad in ann, chun an taibearnacal a thógáil.’ Thug na hIosraeilítigh ór, airgead, copar, clocha luachmhara agus seodra le haghaidh an taibearnacail. Thug siad olann, línéadach, craicne ainmhithe agus go leor rudaí eile, chomh maith. Bhí siad chomh flaithiúil sin is go mb’éigean do Mhaois a rá leo: ‘Tá ár ndóthain againn. Ní theastaíonn níos mó uainn.’

Tugann na hIosraeilítigh síntiúis chun an taibearnacal a thógáil

Chabhraigh fir agus mná, ar cheardaithe oilte iad, an taibearnacal a thógáil. Thug Iehova cumas agus éirim dóibh. Bhí cuid acu ag sníomh snátha, ag fíodóireacht agus ag bróidnéireacht. Bhí cuid eile acu ag obair le clocha luachmhara, le hór, nó le hadhmad.

Thóg na daoine an taibearnacal díreach mar a d’ordaigh Iehova. Rinne siad cuirtín álainn chun an taibearnacail a dheighilt ina dhá chuid, an Áit Naofa agus an Áit Shárnaofa. San Áit Shárnaofa bhí coinnleoir óir, bord, agus altóir chun túis a loisceadh uirthi. Bhí báisín copair agus altóir mhór sa gclós. Thug áirc an chonartha chun cuimhne do na hIosraeilítigh gur gheall siad go mbeidís umhal d’Iehova. An bhfuil a fhios agat céard é conradh? Is gealltanas an-speisialta é.

Roghnaigh Iehova Árón agus a chlann mhac le bheith mar shagairt ag an taibearnacal. Bhí orthu aire a thabhairt don taibearnacal agus íobairtí a ofráil ann d’Iehova. Ní raibh cead ag aon duine ach ag Árón, an t-ardsagart, dul isteach san Áit Shárnaofa. Rinne sé é seo uair amháin sa mbliain, chun íobairt a ofráil ar son a chuid peacaí féin, ar son peacaí a theaghlaigh, agus ar son pheacaí náisiún Iosrael go léir.

Chríochnaigh na hIosraeilítigh an taibearnacal bliain tar éis dóibh an Éigipt a fhágáil. Bhí áit anois acu le hIehova a adhradh.

Líon Iehova an taibearnacal lena ghlóir agus chuir sé scamall os a chionn. An fhad is a d’fhan an scamall os cionn an taibearnacail, d’fhan na hIosraeilítigh san áit ina raibh siad. Ach nuair a d’ardaigh an scamall, bhí a fhios acu go raibh sé in am acu an áit sin a fhágáil. Ansin, bhainidís an taibearnacal ó chéile agus leanaidís an scamall.

“Agus chuala mé guth tréan ón ríchathaoir á rá: ‘Féach, tá áitreabh Dé fara daoine, agus cónóidh sé ina measc, agus beidh siad ina bpobal aige, agus beidh Dia féin faru.’”—Apacailipsis 21:3

Ceisteanna: Céard a d’iarr Iehova ar Mhaois a dhéanamh? Cé na cúraimí a chuir Iehova ar Árón agus ar a chlann mhac?

Eaxodus 25:1-9; 31:1-11; 40:33-38; Eabhraigh 9:1-7

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn