Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • my scéal 41
  • An Nathair Chopair

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Nathair Chopair
  • Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Sceach Trí Thine
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Tor tré Thine
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
my scéal 41

SCÉAL 41

An Nathair Chopair

TÁ AN nathair atá casta timpeall ar an gcuaille déanta as copar. Dúirt Iehobhah le Maois é a chuir ar an gcuaille sa gcaoi is go bhféadfadh na daoine féachaint air agus fanacht beo. Ach is nathracha dáiríre iad siúd ar an talamh. Bhaineadar greim as na daoine agus rinneadar tinn iad. Cén fáth, meastú?

Tá na hIosraelítigh ag gearán: ‘Cén fáth gur thug tú amach as an Éigipt muid chun bás a fháil sa bhfásach? Níl bia ná uisce anseo. Agus ní féidir linn an manna seo a sheasamh níos faide,’ a deireann siad le Dia.

Is bia maith é an manna. Is tré mhíorúilt a thug Dia manna agus uisce dóibh. Ach níl na daoine buíoch do Dhia. Mar sin cuireann Iehobhah na nathracha seo chucu chun píonós a chuir ar na hIosraelítigh. Baineann na nathracha greim astu agus faigheann go leor de na daoine bás.

Sa deireadh, deireann na daoine le Maois: ‘Rinne muid peaca ag labhairt in aghaidh Iehobhah agus i d’aghaidhse. Guigh chun Iehobhah go dtógfaidh sé uainn na nathracha seo.’

Guíonn Maois ar son na ndaoine. Agus deireann Iehobhah le Maois an nathair chopair seo a dhéanamh. Deireann sé é a chuir ar chuaille, agus gur cheart d’éinne ar baineadh greim as féachaint air. Déanann Maois é seo. Agus tagann biseach ar na daoine a fhéachann ar an nathair chopair.

Tá ceacht le foghlaim as seo. Tá muid ar fad, ar bhealach, ar nós na nIosraelíteach sin ar bhain na nathracha greim astu. Táimid ar fad ag fáil bháis. Is é an chúis atá leis seo ná gur iompaigh an chéad fhear agus bean, Ádhamh agus Éabha, i gcoinne Iehobhah, agus is muide a gclann siúd. Ach tá bealach déanta ag Iehobhah chun gur féidir linn maireachtáil go deo.

Chuir Iehobhah a mhac, Íosa Críost, ar an talamh. Crochadh Íosa ar chuaille mar gur cheap go leor daoine go mba drochdhuine é. Ach thug Iehobhah Íosa chun muid a shábháil. Má chuireann muid muinín ann agus é a leanacht, ansin is féidir linn beatha shíoraí a bheith againn. Ach foghlaimeoimid tuilleadh faoi seo ar ball.

Uimhreacha 21:4-9; Eoin 3:14, 15.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn