SCÉAL 94
Tá Grá Aige do Pháistí
FÉACH ar Íosa anseo agus a lámha timpeall ar an mbuachaill aige. D’aitneofá ar Íosa go bhfuil an-chion aige ar pháistí. Sin iad a dheisceabail atá ag faire. Céard atá Íosa a rá leo?
Tá Íosa agus a aspail tar éis filleadh ó thuras fada. Ar an mbealach bhí argóint ag na haspail eatarthu féin. Fiafraíonn Íosa díobh: ‘Cé faoi a faibh sibh ag argóint ar an mbóthar?’ Tá fhios ag Íosa céard faoi a bhí an argóint. Ach cuireann sé an cheist go bhfeicfidh sé a n-inseoidh siad dó é.
Ní fhragraíonn na haspail, mar ar an mbóthar bhí siad ag argóint faoi cé acu ba mhó le rá. Cén chaoi a n-inseoidh Íosa dóibh nach bhfuil sé ceart a bheith ag iarraidh a bheith ar an duine is mó le rá?
Seasann sé an buachaill beag seo ós a gcomhair agus deireann sé lena dheisceabail: ‘Mura n-athróidh sibh agus a bheith mar pháistí óga, ní rachaidh sibh isteach i ríocht Dé choíche. Is é an duine is mó sa ríocht ná an duine a bhéidh ar nós an pháiste seo.’ Cén fáth go ndúirt Íosa é seo?
Bhuel, ní bhíonn aon imní ar pháistí faoi iad a bheith níos tabhachtaí ná a chéile. Mar sin ba cheart go bhfoghlaimeodh na haspail le bheith ar nós páistí ar an mbealach seo agus gan a bheith ag argóint faoi cé acu is mó le rá.
Bíonn amanna eile freisin a dtaispeáineann Íosa an cion atá aige ar pháistí. Cúpla mí ina dhiaidh seo tugann roinnt daoine a gcuid páistí chun Íosa a fheiceáil. Triáileann na haspail iad a choinneáil siar. Ach deireann Íosa: ‘Lig do na páistí teacht chugam, ná stop iad, mar is lena leithidí seo ríocht Dé.’ Ansin tógann Íosa na páistí ina bhaclainn agus beannaíonn sé iad. Nach deas an rud fios a bheith againn go bhfuil grá ag Íosa do pháistí?