Ceacht 16
Do Chinneadhsa Seirbhís a Thabhairt do Dhia
Céard a chaithfidh tú a dhéanamh le bheith i do chara ag Dia? (1, 2)
Cén chaoi a dtiomnaíonn tú tú féin do Dhia? (1)
Cén uair is ceart tú a bhaisteadh? (2)
Cén chaoi a neartóidh tú tú féin chun fanacht dílis do Dhia? (3)
1. Más leat a bheith i do chara ag Dia, ní mór duit eolas maith a chur ar fhírinne an Bhíobla (1 Tiomóid 2:3, 4), creidiúint sna rudaí atá foghlamtha agat (Eabhraigh 11:6), aithrí a dhéanamh i do chuid peacaí (Gníomhartha 17:30, 31), agus iompú thart sa chúrsa atá tógtha sa saol agat. (Gníomhartha 3:19) Ansin ba cheart go dtabharfadh an grá atá agat do Dhia ort tú féin a thiomnú dósan. Is éard atá i gceist leis seo ná go n-inseaofá dó i nguí phearsanta, phríobháideach go bhfuil tú do thabhairt féin dósan chun a thoil a dhéanamh.—Matha 16:24; 22:37.
2. Tar éis duit tú féin a thiomnú do Dhia, is ceart tú a bhaisteadh. (Matha 28:19, 20) Tugann an baisteadh le fios do chách go bhfuil tú tar éis tú féin a thiomnú do Dhia. Mar sin ní bhaineann an baisteadh ach amháin leo siúd atá sách sean le cinneadh a dhéanamh freastal ar Dhia. Nuair a bhaistear duine is ceart a cholainn iomlán a thumadh faoin uisce.a—Marcus 1:9, 10; Gníomhartha 8:36.
3. Nuair a bheidh tú tiomnaithe, beith Iehova ag súil go mairfidh tú de réir do ghealltanais. (Salm 50:14; Cóheilit 5:4, 5) Déanfaidh an Diabhal iarracht cosc a chur ort seirbhís a thabhairt do Dhia. (1 Peadar 5:8) Ach teann isteach le Dia trí bheidh ag guí. (Filipigh 4:6,7) Déan staidéar ar a Bhriathar gach lá. (Salm 1:1-3) Bíodh dlúthcheangal agat leis an bpobal Finnéithe. (Eabhraigh 13:17) Má dhéanann tú na rudaí seo ar fad, neartóidh siad tú chun fanacht dílis do Dhia. Dá réir sin, ar feadh na síoraíochta, beidh tú in ann na rudaí a dhéanamh atá Dia a iarraidh ortsa!
[Fonóta]
a Moltar staidéar a dhéanamh ar an leabhar Knowledge That Leads to Everlasting Life, nó a mhacasamhail foilsithe ag an Watch Tower Bible and Tract Society, agus tú ag réiteach don bhaisteadh.