Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • bhs caibidil 18 leathanaigh 185-196
  • Tiomnú Agus Baisteadh

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Tiomnú Agus Baisteadh
  • Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • EOLAS AGUS CREIDEAMH
  • INIS DO DHAOINE FAOI FHÍRINNÍ AN BHÍOBLA
  • DÉAN AITHRÍ AGUS IOMPAIGH CHUN DÉ
  • TIOMNAIGH THÚ FÉIN DO DHIA
  • NÁ BÍODH LAGMHISNEACH ORT
  • ADMHÁIL PHOIBLÍ A SHLÁNAÍONN
  • AN BHRÍ ATÁ LE DO BHAISTEADH
  • Cén Fáth a dTiomnófá Thú Féin agus Fáil Baiste?
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • An Bhfuil Tú Réidh le Fáil Baiste?
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • Baisteadh—Sprioc Mhaith!
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • Do Chinneadhsa Seirbhís a Thabhairt do Dhia
    Céard Atá Dia a Iarraidh Orainne?
Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
bhs caibidil 18 leathanaigh 185-196

CAIBIDIL A hOCHT DÉAG

Tiomnú Agus Baisteadh

1. Céard í do thuairim i dtaobh a bhfuil foghlamtha agat ón mBíobla?

TÁ GO leor d’fhírinní an Bhíobla foghlamtha agat ón staidéar atá déanta agat ar an mBíobla—mar shampla, gealltanas na beatha síoraí, an riocht ina bhfuil na mairbh, agus an t-aiséirí. (Cóheilit 9:5; Lúcás 23:43; Eoin 5:28, 29; Apacailipsis 21:3, 4) B’fhéidir go bhfuil tú ag freastal ar chruinnithe Fhinnéithe Iehova agus go gcreideann tú gur acu atá an fhírinne. (Eoin 13:35) Is dóigh go bhfuil tú ag cothú caidrimh le hIehova, agus é d’aidhm agat freastal air. Mar sin b’fhéidir go bhfuil tú ag smaoineamh, ‘Céard is ceart dom a dhéanamh anois chun freastal ar Dhia?’

Pilib agus an fear as an Aetóip

2. Cén fáth a raibh an fear as an Aetóip ag iarraidh a bheith baiste?

2 Sin í an cheist a bhí ag fear as an Aetóip, a mhair le linn Íosa. Chraobhscaoil an deisceabal Pilib an dea-scéal dó tamall gearr tar éis aiséirí Íosa. Chruthaigh Pilib dó gurb é Íosa an Meisias. Bhí an fear chomh tógtha sin leis an rud a d’fhoghlaim sé go ndúirt sé: “Tá uisce anseo. Cad é an bac atá ormsa mo bhaisteadh?”—Gníomhartha 8:26-36.

3. (a) Cén t-ordú a thug Íosa dá dheisceabail? (b) Cén chaoi ar cheart duine a bhaisteadh?

3 Múineann an Bíobla go gcaithfidh tú a bheith baiste chun freastal ar Iehova. Dúirt Íosa lena dheisceabail: “Déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, á mbaisteadh.” (Matha 28:19) D’fhág Íosa eiseamláir againn nuair a baisteadh é féin. Ní le cúpla braon uisce a baisteadh é, ach tumadh faoi uisce é. (Matha 3:16) Nuair a bhaistear duine mar Chríostaí inniu, caithfear é a thumadh faoi uisce freisin.

4. Céard a léiríonn do bhaisteadh do dhaoine eile?

4 Nuair a bhaistear thú, léiríonn sé do dhaoine eile gur mian leat a bheith i do chara agus i do shearbhónta ag Iehova. (Salm 40:8, 9 [40:7, 8 i mBíoblaí eile]) Céard a chaithfidh tú a dhéanamh chun go mbaistfear thú?

EOLAS AGUS CREIDEAMH

5. (a) Céard a chaithfidh tú a dhéanamh sula mbaistfear thú? (b) Cén tábhacht atá leis na cruinnithe?

5 Sula mbaistfear thú caithfidh tú aithne a chur ar Iehova agus ar Íosa. Tá tú á dhéanamh seo cheana féin trí do staidéar ar an mBíobla. (Léigh Eoin 17:3.) Ach ní leor é sin. Deir an Bíobla go gcaithfidh tú a bheith ‘lán d’eolas’ ar thoil Iehova. (Colosaigh 1:9) Cabhróidh cruinnithe Fhinnéithe Iehova leat dlúthchairdeas a chothú le hIehova. Mar sin tá sé tábhachtach freastal ar na cruinnithe go rialta.—Eabhraigh 10:24, 25.

Beirt d’Fhinnéithe Iehova ag staidéar an Bhíobla le fear

Sula mbaistfear thú, caithfidh tú staidéar a dhéanamh ar an mBíobla

6. Cé mhéad eolais a chaithfidh tú a bheith agat ar an mBíobla sula mbaistfear thú?

6 Ach an oiread leis an bhfear as an Aetóip, níl Iehova ag súil go mbeidh a fhios agat gach rud atá sa mBíobla sula mbaistfear thú. (Gníomhartha 8:30, 31) Ar ndóigh, beidh muid ag foghlaim faoi Dhia go brách. (Cóheilit 3:11) Sula mbaistfear thú, caithfidh tú teagasca bunúsacha an Bhíobla a bheith ar eolas agat agus glacadh leo.—Eabhraigh 5:12.

7. Cén chaoi ar chabhraigh do staidéar ar an mBíobla leat?

7 Deir an Bíobla: “Gan chreideamh ní féidir le duine a bheith taitneamhach [le Dia].” (Eabhraigh 11:6) Mar sin, caithfidh tú creideamh a bheith agat i nDia sula mbaistfear thú. Cuireann an Bíobla síos ar chuid de na daoine i seanchathair na Corainte a chuala an méid a mhúin deisceabail Íosa agus dá thoradh sin “chreid siad agus baisteadh iad.” (Gníomhartha 18:8) Ar an gcaoi chéanna, chabhraigh do staidéar ar an mBíobla leatsa creideamh a bheith agat sna gealltanais atá déanta ag Dia agus in íobairt Íosa, atá in ann muid a shlánú ón bpeaca agus ón mbás.—Iósua 23:14; Gníomhartha 4:12; 2 Tiomóid 3:16, 17.

INIS DO DHAOINE FAOI FHÍRINNÍ AN BHÍOBLA

8. Céard a spreagfaidh thú chun an méid atá tú a fhoghlaim a roinnt le daoine eile?

8 De réir mar a dhéanann tú staidéar ar an mBíobla agus a chabhraíonn sé leat i do shaol, neartóidh do chreideamh i nDia. Beidh fonn ort na rudaí atá tú a fhoghlaim a insint do dhaoine eile. (Irimia 20:9; 2 Corantaigh 4:13) Ach, cé dó ar cheart duit na rudaí seo a insint?

Fear atá ag staidéar an Bhíobla ag craobhscaoileadh in éineacht lena mhúinteoir

Ba chóir go spreagfadh do chreideamh thú chun an méid atá foghlamtha agat a roinnt le daoine eile

9, 10. (a) Cé leis a roinnfidh tú na rudaí atá tú a fhoghlaim? (b) Céard ar cheart duit a dhéanamh más mian leat dul ag craobhscaoileadh leis an bpobal?

9 B’fhéidir gur mhaith leat insint do do chlann, do chairde, do chomharsana, nó do do chomhoibrithe faoi na rudaí atá tú a fhoghlaim. Tá sé sin go maith, ach é a dhéanamh ar bhealach atá deas lách agus grámhar i gcónaí. In am tráth, beidh tú in ann dul ag craobhscaoileadh in éineacht leis an bpobal. Nuair atá tú réidh le dul ag craobhscaoileadh, labhair leis an té atá ag múineadh an Bhíobla duit. Má cheapann do mhúinteoir go bhfuil tú réidh agus má tá tú ag cur prionsabail an Bhíobla i bhfeidhm i do shaol, beidh cruinniú ag beirt de sheanóirí an phobail leat féin agus do mhúinteoir.

10 Céard a tharlóidh ag an gcruinniú sin? Labhróidh na seanóirí leat chun a fháil amach an dtuigeann tú agus an gcreideann tú teagasca bunúsacha an Bhíobla, an bhfuil tú ag cur prionsabail an Bhíobla i bhfeidhm i do shaol, agus an bhfuil tú ag iarraidh a bheith mar Fhinné ag Iehova. Cuimhnigh go dtugann na seanóirí aire do gach ball den phobal, tú féin san áireamh, mar sin ná bíodh faitíos ort labhairt leo. (Gníomhartha 20:28; 1 Peadar 5:2, 3) Tar éis an chruinnithe sin, cuirfidh na seanóirí in iúl duit má tá tú cáilithe le dul ag craobhscaoileadh leis an bpobal.

11. Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach athruithe a dhéanamh sula dtéann tú ag craobhscaoileadh leis an bpobal?

11 B’fhéidir go ndéarfadh na seanóirí leat go gcaithfidh tú tuilleadh athruithe a dhéanamh sula ar féidir leat dul ag craobhscaoileadh leis an bpobal. Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach na hathruithe sin a dhéanamh? Nuair a labhraíonn muid le daoine eile faoi Dhia, tá muid ag déanamh ionadaíocht ar Iehova agus caithfidh muid maireachtáil ar bhealach a thugann onóir dósan.—1 Corantaigh 6:9, 10; Galataigh 5:19-21.

DÉAN AITHRÍ AGUS IOMPAIGH CHUN DÉ

12. Cén fáth a gcaitheann gach duine aithrí a dhéanamh?

12 Tá rud eile a chaithfidh tú a dhéanamh sula mbaistfear thú. Dúirt an t-aspal Pól: “Déanaigí aithrí dá bhrí sin agus iompaígí chun Dé chun go nglanfar díbh bhur bpeacaí.” (Gníomhartha 3:19) Céard a chiallaíonn sé aithrí a dhéanamh? Ciallaíonn sé brón a bheith orainn faoi rud ar bith atá déanta as bealach againn. Mar shampla, má chleacht tú mímhoráltacht gnéis, caithfidh tú aithrí a dhéanamh. Fiú má chaith tú do shaol ag iarraidh a bheith ag déanamh an chirt tá aithrí le déanamh agat, mar tá rian an pheaca orainn ar fad agus caitheann muid maithiúnas a iarraidh ar Dhia.—Rómhánaigh 3:23; 5:12.

13. Céard atá i gceist le ‘hiompú chun Dé’?

13 An leor é a bheith brónach faoin rud atá déanta agat? Ní leor. Dúirt Peadar go gcaithfidh tú ‘iompú chun Dé.’ Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh tú droim láimhe a thabhairt don tslí ar mhair tú, agus tosú ag déanamh an chirt. Mar shampla, samhlaigh go bhfuil tú ag dul go dtí áit nach raibh tú ann riamh cheana. Tar éis píosa tugann tú faoi deara go bhfuil tú ag dul an treo mícheart. Céard a dhéanfá? Gan dabht, mhoilleofá, stopfá, chasfá ar ais, agus ansin thiocfá sa treo ceart. Ar an gcaoi chéanna, nuair atá tú ag staidéar an Bhíobla, b’fhéidir go dtabharfá faoi deara go bhfuil tú ag cleachtadh rudaí áirithe nach bhfuil ceart. Bí sásta ‘iompú’ ar ais—is é sin, déan na hathruithe atá ag teastáil—agus tosaigh ag déanamh an chirt.

TIOMNAIGH THÚ FÉIN DO DHIA

Fear atá ag staidéar an Bhíobla á thiomnú féin do Dhia

Ar gheall tú d’Iehova go mbeadh tú mar shearbhónta aige?

14. Cén chaoi a dtiomnaíonn tú thú féin do Dhia?

14 Sula mbaistfear thú caithfidh tú thú féin a thiomnú d’Iehova. Nuair a thiomnaíonn tú thú féin d’Iehova, guíonn tú chuige ag gealladh dó gurb eisean amháin atá tú chun a adhradh, agus go dtabharfaidh tú tús áite dá thoil i do shaol.—Deotranaimí 6:15.

15, 16. Céard a spreagann duine chun é féin a thiomnú d’Iehova?

15 Nuair a gheallann tú nach bhfuil tú chun freastal ach ar Iehova amháin, tá sé mar a bheifeá ag gealladh go bhfuil tú ag dul an chuid eile de do shaol a chaitheamh le do ghrá geal. Samhlaigh fear agus bean atá ag dul amach le chéile. De réir mar a chuireann an fear aithne ar an mbean, titeann sé i ngrá léi agus is mian leis í a phósadh. Cé gur cinneadh tromchúiseach é, tá an fear sásta an dualgas seo a ghlacadh mar tá sé i ngrá léi.

16 De réir mar atá tú ag foghlaim faoi Iehova, méadóidh do ghrá dó agus beidh fonn ort freastal air. Spreagfaidh sé seo thú chun guí chuig Iehova agus gealladh dó go mbeidh tú i do shearbhónta aige. Deir an Bíobla go gcaithfeadh aon duine ar mian leis Íosa a leanúint, é féin a ‘shéanadh.’ (Marcas 8:34) Céard a chiallaíonn sé sin? Ciallaíonn sé go mbeidh tú umhal i gcónaí d’Iehova. Tá toil Iehova níos tábhachtaí ná do thoil féin.—Léigh 1 Peadar 4:2.

NÁ BÍODH LAGMHISNEACH ORT

17. Cén fáth nach dtiomnaíonn daoine áirithe iad féin d’Iehova?

17 Ní bhíonn daoine áirithe ag iarraidh iad féin a thiomnú d’Iehova, le faitíos nach mbeadh siad in ann an rud a gheall siad dó a chomhlíonadh. Ní bhíonn siad ag iarraidh díomá a chur ar Iehova. Nó b’fhéidir go gceapann siad mura d’tiomnaíonn siad iad féin dó nach mbeidh siad freagrach os a chomhair as na rudaí a dhéanann siad.

18. Céard a thabharfaidh misneach duit?

18 Tabharfaidh an grá atá agat d’Iehova misneach duit agus déanfaidh tú do dhícheall an rud a gheall tú dó a chomhlíonadh. (Cóheilit 5:4; Colosaigh 1:10) Feicfidh tú nach bhfuil sé ró-dheacair toil Iehova a dhéanamh. Scríobh an t-aspal Eoin: “Mar gurb é seo grá Dé, comhlíonadh a aitheanta; agus ní tromualach a aitheanta.”—1 Eoin 5:3.

19. Cén fáth nach gá duit faitíos a bheith ort thú féin a thiomnú d’Iehova?

19 Ní gá duit a bheith foirfe chun thú féin a thiomnú d’Iehova. Ní bhíonn sé ag súil le níos mó uainn ná atá muid in ann a thabhairt dó. (Salm 103:14) Cabhróidh sé leat an rud ceart a dhéanamh. (Íseáia 41:10) Bíodh muinín agat as Iehova ó do chroí amach agus “féachfaidh sé chuige go mbeidh do chosáin réidh.”—Seanfhocail 3:5, 6.

ADMHÁIL PHOIBLÍ A SHLÁNAÍONN

20. Céard í an chéad chéim eile tar éis duit thú féin a thiomnú d’Iehova?

20 An gceapann tú go bhfuil tú réidh le thú féin a thiomnú d’Iehova? Tar éis duit thú féin a thiomnú d’Iehova tá tú réidh anois le haghaidh an chéad chéim eile. Ní mór thú a bhaisteadh.

21, 22. Cén chaoi ar féidir leat do chreideamh a “admháil” go poiblí?

21 Abair le comhordaitheoir na seanóirí gur thiomnaigh tú thú féin d’Iehova agus go bhfuil tú ag iarraidh a bheith baiste. Ansin déanfaidh cuid de na seanóirí athbhreithniú leat ar theagasca bunúsacha an Bhíobla. Má cheapann siad go bhfuil tú réidh, déarfaidh siad leat gur féidir thú a bhaisteadh ag an gcéad thionóil nó comhdháil eile d’Fhinnéithe Iehova. Beidh caint ag an tionól a mhíníonn an bhrí atá le baisteadh. Ansin, cuirfidh an cainteoir dhá cheist shimplí orthu siúd atá le baisteadh. Nuair a fhreagraíonn tú na ceisteanna seo beidh tú ag “admháil” do chreideamh go poiblí.—Rómhánaigh 10:10.

22 Ansin baistfear thú. Tumfar faoi uisce thú. Léireoidh do bhaisteadh do chách go bhfuil tú tiomnaithe d’Iehova agus gur duine d’Fhinnéithe Iehova anois tú.

AN BHRÍ ATÁ LE DO BHAISTEADH

23. Céard a chiallaíonn sé a bheith baiste “in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh”?

23 Dúirt Íosa go mbaistfí a dheisceabail “in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh.” (Léigh Matha 28:19.) Céard a chiallaíonn sé seo? Ciallaíonn sé go dtugann tú aitheantas d’údarás Iehova, don ról atá ag Íosa i gcuspóir Dé, agus don chaoi a n-úsáideann Dia a spiorad naomh chun a thoil a chomhlíonadh.—Salm 83:19 (83:18 i mBíoblaí eile); Matha 28:18; Galataigh 5:22, 23; 2 Peadar 1:21.

Deisceabal á bhaisteadh

Nuair a bhaistear thú, léiríonn tú gur mian leat toil Dé a dhéanamh

24, 25. (a) Cén bhrí atá le baisteadh? (b) Céard a phléifear sa gcaibidil deiridh?

24 Tá brí an-tábhachtach le baisteadh. Nuair a thumtar faoi uisce thú ciallaíonn sé go bhfaigheann tú bás maidir leis an saol a chaith tú go dtí seo. Nuair a thagann tú aníos as an uisce, tosaíonn tú saol nua ag déanamh toil Dé. Léiríonn sé go mbeidh tú ag freastal ar Iehova as sin amach. Coinnigh i gcuimhne nach do dhuine, ná d’eagraíocht, ná d’obair, atá tú tiomnaithe. Is d’Iehova a thiomnaigh tú thú féin.

25 Cabhróidh do thiomnú leat dlúthchairdeas a chothú le hIehova. (Salm 25:14) Ní chiallaíonn sé seo go sábhálfaidh an baisteadh duine. Scríobh an t-aspal Pól: “Saothraígí bhur slánú faoi uamhan agus faoi eagla.” (Filipigh 2:12) Níl sa mbaisteadh ach tús. Cén chaoi ar féidir leat a bheith i do chara go síoraí ag Iehova? Freagróidh an chaibidil deiridh den leabhar an cheist sin.

ACHOIMRE

FÍRINNE 1: AR CHEART THÚ A BHAISTEADH?

“Féach, . . . tá uisce anseo. Cad é an bac atá ormsa mo bhaisteadh?”—Gníomhartha 8:36

Cén fáth agus cén chaoi ar cheart duit fáil baiste?

Cuireann baisteadh in iúl go bhfuil an chaoi ar chaith tú do shaol go dtí seo tréigthe agat agus go bhfuil tú ag tosú as an nua ag déanamh toil Dé.

  • Matha 28:19, 20

    Ní mór duit a bheith baiste chun freastal ar Iehova.

  • Salm 40:9 (40:8 i mBíoblaí eile)

    Tugann baisteadh le fios do dhaoine eile go bhfuil tú ag iarraidh freastal ar Iehova.

  • Matha 3:16

    Caithfear thú a thumadh faoi uisce, mar a rinneadh le hÍosa.

FÍRINNE 2: NÍ BHÍONN IEHOVA AG SÚIL LEIS AN IOMARCA UAIT

“Mar gurb é seo grá Dé, comhlíonadh a aitheanta; agus ní tromualach a aitheanta.”—1 Eoin 5:3

Cén fáth nár cheart duit faitíos a bheith ort thú féin a thiomnú d’Iehova?

  • Salm 103:14; Íseáia 41:10

    Ní gá duit a bheith foirfe chun thú féin a thiomnú d’Iehova. Cabhróidh seisean leat an rud ceart a dhéanamh.

  • Colosaigh 1:10

    Spreagfaidh do ghrá d’Iehova thú chun do dhícheall a dhéanamh, mar sin ní gá duit faitíos a bheith ort go gcuirfidh tú díomá air.

FÍRINNE 3: SULA mBAISTFEAR THÚ

“Tá sé scríofa fúm go ndéanfainn do thoilse. A Dhia, is áil liom do dhlí i ndiamhair mo chroí.”—Salm 40:8, 9 (40:7, 8 i mBíoblaí eile)

Céard a chaithfidh tú a dhéanamh chun thú féin a thiomnú d’Iehova?

  • Eoin 17:3

    DÉAN STAIDÉAR AR BHRIATHAR DÉ

    Cuir aithne ar Iehova agus ar Íosa Críost. Dá mhéid a fhoghlaimíonn tú fúthu, is ea is mó a mhéadóidh do ghrá óibh.

  • Eabhraigh 11:6

    COTHAIGH DO CHREIDEAMH

    Cuir do mhuinín go léir i ngealltanais Iehova agus sa gcumhacht atá ag íobairt Íosa muid a shlánú ón bpeaca agus ón mbás.

  • Gníomhartha 3:19

    DÉAN AITHRÍ

    Ciallaíonn sé seo aiféala a bheith ort faoi na drochrudaí ar fad atá déanta agat.

    IOMPAIGH CHUN DÉ

    Ciallaíonn sé seo go stopann tú aon drochiompar agus go dtosaíonn tú ag déanamh an chirt.

  • 1 Peadar 4:2

    TIOMNAIGH THÚ FÉIN

    Tiomnaíonn tú thú féin do Iehova nuair a ghuíonn tú chuige ag gealladh dó gurb eisean amháin atá tú chun a adhradh, agus go dtabharfaidh tú tús áite dá thoil i do shaol.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn