Ceacht 8
Cén Fáth a gCeadaíonn Dia Olc Agus Fulaingt?
1. Cén chaoi ar thosaigh an t-olc?
Tá dóthain ama tugtha ag Dia do rialtais dhaonna le léiriú nach féidir leo fadhbanna an chine dhaonna a réiteach
Cuireadh tús le holc ar an domhan nuair a d’inis Sátan an chéad bhréag. B’aingeal foirfe é Sátan ar dtús ach “níor sheas sé san fhírinne.” (Eoin 8:44) Shantaigh sé an t-adhradh a bhí dlite do Dhia amháin. D’inis Sátan bréag don chéad bhean Éabha chun cuir uirthi a bheith umhal dósan seachas a bheith umhal do Dhia. Thaobhaigh Ádhamh le hÉabha in aghaidh Dé. Is é an toradh a bhí ar chinneadh Ádhaimh ná fulaingt agus bás.—Léigh Geineasas 3:1-6, 19.
Nuair a mhol Sátan d’Éabha a bheith easumhal do Dhia bhí sé ag éirí amach in aghaidh flaithis Dé, nó in aghaidh an stádais atá aige mar an Té is Airde. Tá an chuid is mó den chine daonna tar éis taobhú le Sátan agus diúltú do rialú Dé. Sin é an chaoi ar tharla sé gurb é Sátan rialtóir an domhain.—Léigh Eoin 14:30; 1 Eoin 5:19.
2. An raibh cruthú Dé lochtach?
Tá oibreacha Dé go léir foirfe. Bhí sé ar chumas na ndaoine agus na n-aingeal a chruthaigh Dia comhairle Dé a leanúint go foirfe. (Deotranaimí 32:4, 5) Nuair a chruthaigh Dia muid thug sé saoirse dúinn an mhaith nó an t-olc a roghnú le déanamh. Tugann an tsaoirse sin deis dúinn ár ngrá a chur in iúl do Dhia.—Léigh Séamas 1:13-15; 1 Eoin 5:3.
3. Cén fáth ar cheadaigh Dia fulaingt chomh fada seo?
Ceadaíonn Dia an t-éirí amach in aghaidh a fhlaithis ar feadh tréimhse teoranta. Cén fáth? Chun taispeáint nach dtéann aon iarracht rialaithe a dhéanann neamhaird de Iehova chun tairbhe don chine daonna. (Cóheilit 7:29; 8:9) Tar éis 6,000 bliain de stair an duine tá an cruthúnas ann. Theip ar rialtóirí daonna deireadh a chur le cogadh, le coiriúlacht, le héagóir agus le galar.—Léigh Irimia 10:23; Rómhánaigh 9:17.
Ní hionann is rialtais daonna, cuireann rialtas Dé ar bhealach a leasa gach duine a ghlacann leis. (Íseáia 48:17, 18) Go gairid tabharfaidh Iehova rialtais daonna chun críche. Beidh seilbh na talún acu siúd a ghéillfidh do rialtas Dé.—Íseáia 11:9.—Léigh Dainéil 2:44.
Féach ar an bhfíseán Cén fáth ar cheadaigh Dia fulaingt chomh fada seo?
4. Cén deis a thugann foighne Dé dúinn?
Mhaígh Sátan nach ndéanfadh aon duine toil Dé as grá neamhleithleach do Dhia. Ar mhaith leatsa a chruthú nach bhfuil sé sin fíor? Is féidir leat! Tugann foighne Dé deis dúinn go léir a thaispeáint an bhfuilimid ar son rialtas Dé nó rialtas daonna. Nochtann an tslí ina mairimid an rogha atá déanta againn.—Léigh Iób 1:8-12; Seanfhocail 27:11.
5. Cén chaoi ar féidir linn Dia a roghnú mar rialtóir?
Léiríonn na roghanna a dhéanaimid an bhfuil nó nach bhfuilimid ag iarraidh Dia mar rialtóir
Nuair a chuirimid eolas ar an bhfíorchreideamh atá bunaithe ar Bhriathar Dé, an Bíobla agus nuair a chleachtaimid é, táimid ag roghnú Dé mar rialtóir. (Eoin 4:23) Nuair a fhanaimid glan ar pholaitíocht agus ar chogadh, mar a rinne Íosa, táimid ag diúltú do riail Shátain.—Léigh Eoin 17:14.
Úsáideann Sátan a chumhacht chun cleachtais mhímhorálta, dhíobhálacha a chur chun cinn. Nuair a dhiúltaímid do nósanna den sórt sin, is minic go gcuireann cairde agus gaolta inár n-aghaidh. (1 Peadar 4:3, 4) Mar sin caithfimid rogha a dhéanamh. An gcoinneoimid comhluadar le daoine a bhfuil grá acu do Dhia? An ndéanfaimid de réir a chuid dlíthe eagnaí grámhara? Má dhéanaimid, cruthóimid go raibh Sátan bréagach nuair a dúirt sé nach ndéanfadh aon duine toil Dé dá mbeidís faoi bhrú.—Léigh 1 Corantaigh 6:9, 10; 15:33.
Dearbhaíonn an grá atá ag Dia don chine daonna go gcuirfear deireadh le holc agus fulaingt. Mairfidh an dream a léiríonn go gcreideann siad é seo i sonas go deo ar an talamh.—Léigh Eoin 3:16.