Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lvs caibidil 16 leathanaigh 213-225
  • Cuirigí i gCoinne an Diabhail

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Cuirigí i gCoinne an Diabhail
  • Cumhdaígí Sibh Féin i nGrá Dé
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • “MAR A BHEADH LEON AG BÚIRÍL”
  • TÁ MUID I gCOIMHLINT
  • FAN GLAN AR NA DEAMHAIN
  • TRIAILEANN SÁTAN AN DALLAMULLÓG A CHUR ORAINN
  • ÚSÁIDEANN SÁTAN ÁR MIANTA NÁDÚRTHA INÁR nAGHAIDH
  • SCÉALTA FAOI NA DEAMHAIN
  • An Fhírinne Faoi Na hAingil
    Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
  • Cé hÉ an Diabhal?
    Céard Atá Dia a Iarraidh Orainne?
  • Céard í an Fhírinne Faoi Aingil?
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
Cumhdaígí Sibh Féin i nGrá Dé
lvs caibidil 16 leathanaigh 213-225
Tugann bráthair droim láimhe do Shátan trí a bheith ag craobhscaoileadh

CAIBIDIL 16

Cuirigí i gCoinne an Diabhail

“Cuirigí i gcoinne an diabhail agus teithfidh sé uaibh.”—SÉAMAS 4:7.

1, 2. Céard nach mór dúinn a bheith ar eolas againn faoi Shátan agus na deamhain?

BEIDH saol iontach againn ar dhomhan nua Iehova. Faoi dheireadh thiar, beidh muid in ann ár saol a chaitheamh de réir mar a bhí leagtha amach ag Dia. Faoi láthair tá muid ag maireachtáil ar dhomhan atá faoi smacht Shátain agus a chuid deamhan. (2 Corantaigh 4:4) Cé nach féidir linn iad a fheiceáil, tá siad ann agus tá siad an-chumhachtach.

2 Sa gcaibidil seo, déanfaidh muid plé ar an gcaoi ar féidir linn teannadh isteach le hIehova agus muid féin a chosaint ar Shátan. Geallann Iehova go gcabhróidh sé linn. Ach ní mór dúinn tuiscint a fháil ar chleasa Shátain agus na ndeamhan agus ar na bealaí a n-ionsaíonn siad muid.

“MAR A BHEADH LEON AG BÚIRÍL”

3. Céard atá an Diabhal ag iarraidh a dhéanamh orainn?

3 Maíonn Sátan gur ar mhaithe leo féin a bhíonn daoine ag adhradh Iehova agus go stopfaidh siad á adhradh má éiríonn a saol ródheacair. (Léigh Iób 2:4, 5.) Nuair a léiríonn duine go bhfuil suim aige eolas a chur ar Iehova, bíonn Sátan agus na deamhain ag iarraidh é a stopadh. Bíonn fearg orthu nuair a thiomnaíonn duine é féin d’Iehova agus nuair a bhaistear é. Deir an Bíobla go bhfuil an Diabhal “mar a bheadh leon ag búiríl ar thóir dhuine éigin le slogadh.” (1 Peadar 5:8) Tá Sátan ag iarraidh ár gcaidreamh le hIehova a scriosadh.—Salm 7:2, 3 (7:1, 2 i mBíoblaí eile); 2 Tiomóid 3:12.

Tugann bráthair droim láimhe do Shátan trí a bheith ag craobhscaoileadh

Bíonn fearg ar Shátan nuair a thiomnaíonn muid muid féin d’Iehova

4, 5. (a) Céard nach féidir le Sátan a dhéanamh? (b) Céard a chiallaíonn sé cur i gcoinne an Diabhail?

4 Ach ní gá dúinn eagla a bheith orainn roimh Shátan agus a chuid deamhan. Tá teorainn curtha ag Iehova leis an méid is féidir leo a dhéanamh orainn. Tá sé geallta ag Iehova go dtiocfaidh “mathshlua mór” d’fhíorChríostaithe slán ón “duainéis (nó, trioblóid) mhór.” (Apacailipsis 7:9, 14) Ní féidir leis an Diabhal dada a dhéanamh chun é sin a stopadh mar tá Iehova ag cosaint a dhaoine.

5 Má theannann muid isteach le hIehova, ní fhéadfaidh Sátan ár gcaidreamh le hIehova a scriosadh. Dearbhaíonn Briathar Dé: “Tá an Tiarna in éineacht libh fad tá sibhse in éineacht leis.” (2 Croinicí 15:2; léigh 1 Corantaigh 10:13.) I measc na bhfear agus na mban dílse a dhiúltaigh don Diabhal, bhí Áibil, Eineoc, Naoi, Sárá, agus Maois. (Eabhraigh 11:4-40) Is féidir linne an rud céanna a dhéanamh. Geallann Briathar Dé: “Cuirigí i gcoinne an diabhail agus teithfidh sé uaibh.”—Séamas 4:7.

TÁ MUID I gCOIMHLINT

6. Cén chaoi a n-ionsaíonn Sátan muid?

6 Cé go bhfuil a fhios ag Sátan go bhfuil teorainn curtha ag Iehova leis an méid atá sé in ann a dhéanamh orainn, ionsaíonn sé muid ar bhealaí éagsúla. Úsáideann sé na straitéisí céanna atá sé a úsáid leis na mílte bliain. Céard iad cuid de na straitéisí sin?

7. Cén fáth a mbíonn Sátan ag ionsaí pobal Iehova?

7 Dúirt an t-aspal Eoin go bhfuil “an saol le chéile faoi thionchar an diabhail.” (1 Eoin 5:19) Tá an domhan urchóideach seo faoi smacht Shátain agus ba mhian leis go mbeadh pobal Iehova faoina smacht freisin. (Míocá 4:1; Eoin 15:19; Apacailipsis 12:12, 17) Tá a fhios ag an Diabhal nach bhfuil mórán ama fágtha aige, mar sin tá sé ag cur brú ar gach duine againn a bheith easumhal do Dhia. Uaireanta bíonn sé soiléir go bhfuil muid faoi ionsaí ag an Diabhal, agus uaireanta eile ní bhíonn.

8. Céard nach mór do gach Críostaí a thuiscint?

8 Seo mar a léann Eifisigh 6:12: “Ní le naimhde daonna atáimid i ngleic ach le . . . hainspridí na bhflaitheas.” Tá gach Críostaí ag troid in aghaidh an Diabhail agus na ndeamhan. Ní mór dúinn a thuiscint go bhfuil gach duine a thiomnaíonn é féin d’Iehova páirteach sa gcath sin. Ina litir chuig na hEifisigh, mhol an t-aspal Pól trí huaire do na Críostaithe seasamh in aghaidh an Diabhail.—Eifisigh 6:11, 13, 14.

9. Céard a thriaileann Sátan agus na deamhain a dhéanamh orainn?

9 Is iomaí bealach a ndéanann Sátan agus na deamhain iarracht an dallamullóg a chur orainn. Má fhaigheann muidne an ceann is fearr ar Shátan ar bhealach amháin, ní hé sin le rá nach féidir leisean an ceann is fearr a fháil orainne ar bhealach éigin eile. Bíonn Sátan ag faire orainn go bhfeicfidh sé cé na laigí atá againn, agus ansin roghnaíonn sé gaistí dá réir. Ach ní gá go mbéarfaí orainn, mar múineann an Bíobla dúinn faoi ghaistí Shátain. (2 Corantaigh 2:11; féach ar Aguisín 31.) Tá an deamhnacht ar cheann acu seo.

FAN GLAN AR NA DEAMHAIN

10. (a) Céard í an deamhnacht? (b) Cén dearcadh atá ag Iehova ar an deamhnacht?

10 Baineann deamhnacht leis an osnádúr—rudaí ar nós fáistineacht, asarlaíocht, draíocht, nó ag déanamh teagmháil leis na mairbh. Insíonn an Bíobla dúinn gur “gráin leis an Tiarna” an deamhnacht agus nach féidir linn a bheith páirteach ann agus ag an am céanna a bheith ag adhradh Iehova. (Deotranaimí 18:10-12; Apacailipsis 21:8) Caithfidh Críostaithe gach sórt deamhnachta a sheachaint.—Rómhánaigh 12:9.

11. Céard a d’fhéadfadh tarlú má bhíonn muid fiosrach faoin osnádúr?

11 Tá a fhios ag Sátan má bhíonn muid fiosrach faoin osnádúr go mbeidh sé éasca aige muid a tharraingt isteach sa deamhnacht. Is féidir le haon chineál deamhnachta ár gcaidreamh le hIehova a scriosadh.

TRIAILEANN SÁTAN AN DALLAMULLÓG A CHUR ORAINN

12. Cén chaoi a gcuireann Sátan mearbhall ar dhaoine?

12 Tá Sátan ag iarraidh mearbhall a chur ar dhaoine. De réir a chéile cothaíonn sé amhras i ndaoine sa gcaoi is go dtosaíonn siad ag déanamh “maith den olc, agus olc den mhaith.” (Íseáia 5:20) Scaipeann Sátan an tuairim nach bhfuil maith ar bith i gcomhairle an Bhíobla agus go mbeadh muid i bhfad níos fearr as dá huireasa.

13. Cén chaoi a dtriaileann Sátan amhras a chur ar dhaoine?

13 Tá an cleas seo an-éifeachtach. Tá Sátan á úsáid le fada an lá. Is ag iarraidh amhras a chur ar Éabha a bhí sé i ngairdín Éidin, nuair a d’fhiafraigh sé di: “An ndúirt Dia libh gan ithe de thoradh aon chrainn sa ghairdín?” (Geineasas 3:1) Níos déanaí, in aimsir Iób, d’fhiafraigh Sátan d’Iehova os comhair na n-aingeal go léir: “An gan fáth atá eagla Dé ar Iób?” (Iób 1:9) Tar éis bhaiste Íosa, thug Sátan a dhúshlán ag rá:“Más tú Mac Dé, abair arán a dhéanamh de na clocha seo.”—Matha 4:3.

14. Cén chaoi a gcuireann Sátan ina luí ar dhaoine nach bhfuil aon dochar ag baint le deamhnacht?

14 Tá an Diabhal ag cur amhrais ar dhaoine fós inniu. Tá sé ag iarraidh a chur ina luí ar dhaoine nach bhfuil dochar ar bith sa deamhnacht. Tá Críostaithe ann fiú a bhfuil an dallamullóg curtha aige orthu sa gcaoi is nach bhfeiceann siad an chontúirt a bhaineann leis. (2 Corantaigh 11:3) Mar sin, cén chaoi ar féidir linn a chinntiú nach bhfuil Sátan ag cur an dallamullóg orainne? Déanfaidh muid scrúdú anois ar dhá rud a d’fhéadfaí a úsáid chun muid a mhealladh: siamsaíocht agus cóir leighis.

ÚSÁIDEANN SÁTAN ÁR MIANTA NÁDÚRTHA INÁR nAGHAIDH

15. Cén chaoi a bhféadfadh muid a bheith páirteach i ndeamhnacht?

15 Tá deamhain, draíocht agus an t-osnádúr i gcuid mhaith scannáin, físeáin, seónna teilifíse, cluichí ríomhaire, agus suíomhanna Idirlín. Ceapann go leor daoine nach bhfuil iontu seo ach píosa spraoi, agus ní thuigeann siad an chontúirt a bhaineann le hugach a thabhairt do na deamhain. Bealaí ina bhféadfadh duine a bheith páirteach i ndeamhnach is ea a bheith ag baint fios as na réalta, ag léamh na línte ar lámh dhuine, ag léamh cártaí tarot, nó ag úsáid liathróid chriostail. Ceileann an Diabhal an chontúirt a bhaineann leis na rudaí seo, agus cuireann sé an chuma orthu go bhfuil siad rúndiamhrach, iontach agus spraiúil. B’fhéidir go gceapfadh duine nach bhfuil dochar ar bith a bheith ag féachaint ar na rudaí seo, fad is nach ndéanann sé féin aithris orthu. Cén fáth a bhfuil an meon seo contúirteach?—1 Corantaigh 10:12.

16. Cén fáth ar cheart dúinn diúltú do shiamsaíocht atá bunaithe ar ghnéithe osnádúrtha?

16 Ní féidir le Sátan agus na deamhain ár n-intinn a léamh. Ach is féidir leo ár mianta a mheas ó na roghanna a dhéanann muid dúinn féin agus dár dteaghlach ó thaobh siamsaíochta de. Má roghnaíonn muid scannáin, ceol, nó leabhair atá bunaithe ar dhraíocht, ar fhir nó mná feasa, ar dhaoine atá faoi chumhacht an Diabhail, ar chailleacha, ar vaimpírí nó ar ábhair eile den sórt sin, beidh a fhios ag Sátan agus ag na deamhain go bhfuil muid fiosrach ina dtaobh. D’fhéadfaidís iarracht a dhéanamh muid a tharraingt isteach níos doimhne sa deamhnacht.—Léigh Galataigh 6:7.

17. Cén chaoi ar féidir le Sátan an mhian atá againn a bheith sláintiúil a úsáid chun muid a mhealladh?

17 D’fhéadfadh Sátan an mhian atá againn a bheith sláintiúil a úsáid chun muid a mhealladh. Tá go leor daoine i ndrochshláinte inniu. D’fhéadfadh cuid mhaith cineálacha cóir leighis a bheith triailte ag duine agus gan aon mhaith déanta. (Marcas 5:25, 26) B’fhéidir go mbeadh fonn air rud ar bith a thriail ar mhaithe le leigheas a fháil. Ach ní mór do Chríostaithe cóir leighis a úsáideann draíocht a sheachaint.—Léivític 19:31.

Bráthair ag guí lena bhean atá i leaba san ospidéal

Cuir do mhuinín in Iehova nuair a bhíonn tú tinn

18. Cén sórt cóir leighis nach nglacfadh Críostaí léi?

18 Bhíodh cuid de na daoine a mhair in Iosrael fadó ag úsáid draíochta. Dúirt Iehova leo: “Nuair a shíneann sibh amach bhur lámha, iompaím mo shúile uaibh. A liacht paidreacha a deir sibh, níl mise ag éisteacht.” (Íseáia 1:15) Smaoinigh ar sin—níor éist Iehova lena gcuid paidreacha! Níl muid ag iarraidh dada a dhéanamh a dhéanfadh dochar dár gcaidreamh le hIehova ná a chuirfeadh bac ar a chabhair, go háirithe nuair a bhíonn muid tinn. (Salm 41:4 [41:3 i mBíoblaí eile]) Ní mór dúinn fáil amach an bhfuil aon bhaint ag an gcóir leighis atá ar intinn againn a úsáid, le deamhnacht nó leis an osnádúr. Má bhíonn amhras ar bith orainn, ní mór dúinn í a sheachaint!—Féach ar Aguisín 32.

SCÉALTA FAOI NA DEAMHAIN

19. Cén chaoi a gcuireann an Diabhal eagla ar dhaoine?

19 Tá daoine ann nach gcreideann sa Diabhal ná sna deamhain, ach creideann daoine eile iontu mar gheall ar eachtraí a tharla ina saol féin. Bíonn daoine eile ag crith le heagla roimh na deamhain agus bíonn siad faoi smacht na bpiseog. Insítear scéalta uafáis faoi na deamhain agus na rudaí a dhéanann siad. Bíonn daoine an-tógtha leis na scéalta seo, agus bíonn bís orthu iad a insint do dhaoine eile. Is iomaí duine a mbíonn eagla orthu roimh an Diabhal mar gheall ar na scéalta seo.

20. Cén chaoi a bhféadfadh muid a bheith ag scaipeadh bréaga Shátain?

20 Smaoinigh ar seo—ba mhaith le Sátan go mbeadh eagla ar dhaoine roimhe. (2 Teasalónaigh 2:9, 10) Is bréagadóir é agus tá a fhios aige an chaoi is fearr le dul i gcion ar dhaoine atá fiosrach faoin deamhnacht. D’fhéadfadh sé go n-inseodh na daoine sin scéalta faoi na rudaí a cheapann siad a chonaic siad agus a chuala siad. Dá mhinice a insítear na scéalta seo is ea is mó a chuirtear leo. Níor chóir dúinn a bheith ag scaipeadh scéalta den sórt sin, mar is ag cabhrú le Sátan eagla a chur ar dhaoine a bheadh muid.—Eoin 8:44; 2 Tiomóid 2:16.

21. In áit a bheith ag insint scéalta faoi na deamhain, céard is féidir linn a bheith ag cur síos air?

21 Dá dtarlódh eachtra a bhain leis na deamhain do dhuine d’Fhinnéithe Iehova, ní bheadh sé á aithris do dhaoine eile mar phíosa spraoi. Ní gá do phobal Iehova eagla a bheith orthu faoi na rudaí atá an Diabhal agus a chuid deamhain in ann a dhéanamh. Ina ionad sin, ní mór dúinn Íosa agus an chumhacht atá tugtha ag Iehova dó a choinneáil inár n-intinn. (Eabhraigh 12:2) Níor aithris Íosa scéalta faoi na deamhain dá dheisceabail mar phíosa spraoi. Is ar dhea-scéal na Ríochta agus ar “éachtaí Dé” a bhí a aird.—Gníomhartha 2:11; Lúcás 8:1; Rómhánaigh 1:11, 12.

22. Céard atá de rún agat a dhéanamh?

22 Ná déanadh muid dearmad go bhfuil Sátan ag iarraidh ár gcaidreamh le hIehova a scriosadh. Déanfaidh sé gach ar féidir leis chun é sin a dhéanamh. Ach tá a fhios againn cén chaoi a n-oibríonn an Diabhal agus tá rún daingean againn fanacht glan ar gach a mbaineann le deamhnacht. Ní thabharfaidh muid “áiméar (nó, deis) don diabhal” muid a chur dár gcos. (Léigh Eifisigh 4:27.) Sea, má sheasann muid in aghaidh an Diabhail beidh muid slán óna ghaistí agus cosnóidh Iehova muid.—Eifisigh 6:11.

PRIONSABAIL AN BHÍOBLA

1 TÁ AN DIABHAL AG RIALÚ AN DOMHAIN

“[Tá] an saol le chéile faoi thionchar an diabhail.”—1 Eoin 5:19

Céard atá Sátan ag iarraidh a dhéanamh?

  • 1 Peadar 5:8

    Tá Sátan ag iarraidh dochar a dhéanamh dár gcaidreamh le hIehova, nó é a scriosadh fiú.

  • Iób 2:4, 5

    Bíonn fearg air nuair a fheiceann sé daoine ag cur aithne ar Iehova agus ag tabhairt grá dó.

2 NÁ BÍODH EAGLA ORT ROIMH SHÁTAN

“Géilligí dá bhrí sin do Dhia; cuirigí i gcoinne an diabhail agus teithfidh sé uaibh.”—Séamas 4:7

Cén chaoi a bhfuil a fhios againn gur féidir linn cur i gcoinne an Diabhail?

  • Apacailipsis 7:9, 14

    Tá srian curtha ag Iehova ar an méid is féidir leis an Diabhal a dhéanamh orainn. Geallann Iehova go dtiocfaidh slua mór daoine slán agus go mairfidh siad go deo ar an domhan nua.

  • 2 Croinicí 15:2

    Má theannann muid isteach le hIehova, ní fhéadfaidh Sátan ár gcaidreamh le hIehova a scriosadh.

  • 1 Corantaigh 10:13; Eabhraigh 11:4-40

    Geallann Iehova go gcabhróidh sé linn fanacht dílis, díreach mar a chabhraigh sé le daoine san am a caitheadh.

3 BÍ AG FAIRE AMACH DO CHLEASA SHÁTAIN

“Is maith is eol dúinn a chleasa siúd.”—2 Corantaigh 2:11

Cén cineál cleasa a imríonn an Diabhal?

  • Eoin 15:19; Apacailipsis 12:12, 17

    Tá an domhan faoi smacht an Diabhail, ach níl pobal Iehova. Dá bhrí sin, tá sé ag iarraidh iad a mhealladh.

  • Geineasas 3:1; Galataigh 5:19-21; Eifisigh 6:12

    Déanann an Diabhal iarracht ár laigí a aimsiú ionas gur féidir leis iad a úsáid inár n-aghaidh.

  • Léivític 19:26, 31; Íseáia 1:15; Marcas 5:25, 26

    Bí cúramach nuair atá tú ag roghnú cóir leighis. D’fhéadfadh duine a bheith chomh gafa le leigheas a fháil is go mbeadh sé sásta cóir leighis a úsáideann cumhacht osnádúrtha a thriail.

  • Deotranaimí 18:10-12; Gníomhartha 19:19; Galataigh 6:7; Apacailipsis 21:8

    Má fheiceann na deamhain go bhfuil suim againn i ndraíocht, is féidir leo é sin a úsáid inár n-aghaidh. Dá mbeadh aon bhaint againn le deamhnacht bheadh muid mídhílis d’Iehova.

4 NÁ SCAIP BRÉAGA AN DIABHAIL

“Is bréagaire é [an Diabhal] agus is é athair an bhréagaire é.”—Eoin 8:44

Cén chaoi a bhféadfadh muid a bheith ag scaipeadh bhréaga an Diabhail?

  • Rómhánaigh 1:11, 12; 2 Tiomóid 2:16

    Insíonn daoine scéalta a thugann le tuiscint go bhfuil an Diabhal agus na deamhain níos cumhachtaí ná mar atá siad. Ach seachas a bheith ag scaipeadh scéalta den sórt sin, ba chóir dúinn a bheith ag spreagadh a chéile.

  • Eifisigh 6:11

    Nuair a bhíonn muid ar an eolas faoi na cleasa atá ag an Diabhal, is féidir linn seasamh ina choinne agus teannadh isteach le hIehova.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn