Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • ijwbq mír 160
  • Cén Fáth a dTugtar Mac Dé ar Íosa?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Cén Fáth a dTugtar Mac Dé ar Íosa?
  • Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Freagraíonn an Bíobla
  • Ar mhair Íosa ar neamh sular rugadh ar an talamh é?
  • Céard a rinne Íosa sular tháinig sé chun na talún?
  • Cé hÉ Íosa?
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • Cé hÉ Íosa Críost?
    Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
  • Cé hÉ Íosa Críost?
    Céard Atá Dia a Iarraidh Orainne?
Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
ijwbq mír 160
Íosa ag guí chuig a Athair neamhaí

Cén Fáth a dTugtar Mac Dé ar Íosa?

Freagraíonn an Bíobla

Is minic a thugann an Bíobla “Mac Dé” ar Íosa. (Eoin 1:49) Tugann an leagan cainte “Mac Dé” le tuiscint gurbh é Dia Cruthaitheoir an uile dhúil bheo, Íosa san áireamh. (Salm 36:10, [36:9 i mBíoblaí eile]; Apacailipsis 4:11) Ní mhúineann an Bíobla gur shíolraigh Dia páistí ar an gcaoi chéanna a shíolraíonn an duine daonna páistí.

Tugann an Bíobla “clann Dé” ar na haingil freisin. (Iób 1:6) Agus deir an Bíobla gur ‘mac le Dia’ a bhí sa gcéad fhear, Ádhamh. (Lúcás 3:38) Ach, de bhrí gurbh é Íosa an chéad neach a chruthaigh Iehova as a stuaim féin, déanann an Bíobla cur síos ar Íosa mar chéadghin mhic Iehova.

  • Ar mhair Íosa ar neamh sular rugadh ar an talamh é?

  • Céard a rinne Íosa sular tháinig sé chun na talún?

Ar mhair Íosa ar neamh sular rugadh ar an talamh é?

Mhair. Ba phearsa spioraid ar neamh é Íosa sular tháinig sé chun na talún mar dhuine. Dúirt Íosa é féin: “Óir tháinig mé anuas ó neamh.”—Eoin 6:38; 8:23.

Chruthaigh Dia Íosa sular chruthaigh sé aon ní eile. Deir an Bíobla faoi Íosa:

  • ‘Is é . . . an chéadghin de gach dúil cruthaithe é.’—Colosaigh 1:15.

  • Is “céadtús de chruthúnas Dé” é.—Apacailipsis 3:14.

Chomhlíon Íosa an tairngreacht faoin “té a dtéann a shinsearacht na cianta siar go dtí an t-am fadó.”—Míocá 5:1 (5:2 i mBíoblaí eile); Matha 2:4-6.

Céard a rinne Íosa sular tháinig sé chun na talún?

Bhí ról tábhachtach aige ar neamh. Rinne Íosa tagairt don ról seo nuair a deir sé ina ghuí: “A Athar, tabhair-se glóir domsa . . . leis an nglóir chéanna a bhí agam i do láthair sula raibh an domhan ann.”—Eoin 17:5.

Chabhraigh sé lena Athair le gach ní eile a chruthú. Bhí Íosa ag obair in éineacht le Dia mar ‘cheardaí oilte’. (Seanfhocail 8:30) Ag cur síos ar Íosa deir an Bíobla: “Mar is trídsean a cruthaíodh a bhfuil ar neamh agus ar talamh.”—Colosaigh 1:16.

D’oibrigh Dia trí Íosa chun gach rud eile a chruthú. Bhí na haingil san áireamh sa gcruthú seo, chomh maith leis an gcruinne fhisiceach. (Apacailipsis 5:11) Bhí an bealach ar oibrigh Dia agus Íosa as lámh a chéile cosúil leis an mbealach a n-oibríonn ailtire agus tógálaí. Cruthaíonn an t-ailtire an dearadh, agus tugann an tógálaí an togra chun críche.

Ba é an Briathar é. Nuair a dhéanann an Bíobla cur síos ar shaol Íosa sular tháinig sé chun na talún mar dhuine, tugann sé “an Briathar” air. (Eoin 1:1) Léiríonn sé seo gur úsáid Dia a Mhac le heolas agus le treoracha a thabhairt do na haingil.

Is cosúil freisin gur úsáid Dia Íosa chun cumarsáid a dhéanamh le daoine ar an talamh. Labhair Dia trí Íosa, an Briathar agus é ag tabhairt treoracha d’Ádhamh agus d’Éabha i ngairdín Éidin. (Geineasas 2:16, 17) D’fhéadfadh sé gurbh é Íosa a threoraigh na hIosraeilítigh tríd an bhfásach agus gurbh é an t-aingeal céanna é a raibh ar na hIosraeilítigh géilleadh go hiomlán dó.—Eaxodus 23:20-23.a

a Ní hé an Briathar an t-aon aingeal a d’úsáid Dia le labhairt ar a shon. Mar shampla, d’úsáid sé aingil eile chomh maith lena chéadghin mhic leis an Dlí a thabhairt do na hIosraeilítigh fadó.—Gníomhartha 7:53; Galataigh 3:19; Eabhraigh 2: 2, 3.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn