Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lff ceacht 15
  • Cé hÉ Íosa?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Cé hÉ Íosa?
  • Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • DÉAN TAIGHDE
  • ACHOIMRE
  • FIOSRAIGH
  • Cé hÉ Íosa Críost?
    Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
  • Cén Sórt Neach é Íosa?
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • Céard a Rinne Íosa Nuair a Bhí Sé ar an Talamh?
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • Cén Fáth a dTugtar Mac Dé ar Íosa?
    Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
lff ceacht 15
Ceacht 15. Íosa ag siúl trí pháirc le barr arbhar.

CEACHT 15

Cé hÉ Íosa?

Eagrán Priontáilte
Eagrán Priontáilte
Eagrán Priontáilte

Tá Íosa ar dhuine de na daoine is cáiliúla a mhair riamh. Ach, seachas a ainm, is beag eolais atá ag go leor daoine faoi, agus tá tuairimí éagsúla acu faoi cé hé féin. Céard atá ráite sa mBíobla faoi Íosa?

1. Cé hÉ Íosa?

Is pearsa spioraid an-chumhachtach é Íosa a chónaíonn ar neamh. Chruthaigh Iehova roimh gach ní eile é. Sin í an chúis go dtugtar “céadghin gach dúile cruthaithe” air. (Colosaigh 1:15) Tugann an Bíobla “Aonghin Mic” Dé ar Íosa mar gurbh é an t-aon neach é a chruthaigh Iehova as a stuaim féin. (Eoin 3:16) D’oibrigh Íosa agus a Athair, Iehova, as lámha a chéile agus iad ag cruthú gach ní eile. (Léigh Seanfhocail 8:30.) Tá dlúthchairdeas eatarthu. Feidhmíonn Íosa go dílis mar urlabhraí Dé, ‘an Briathar,’ chun teachtaireachtaí agus treoir a thabhairt.—Eoin 1:14.

2. Cén fáth ar tháinig Íosa chun na talún?

Thart ar 2,000 bliain ó shin, d’úsáid Iehova a spiorad naomh chun beatha a Mhic Íosa a aistriú ó neamh go dtí broinn maighdine darbh ainm Muire. Sin é an chaoí a rugadh Íosa mar dhuine. (Léigh Lúcás 1:34, 35.) Tháinig Íosa chun na talún mar an Meisias a bhí geallta, nó an Críost, chun an cine daonna a shlánú.a Chomhlíon Íosa na tairngreachtaí ar fad a bhí sa mBíobla faoin Meisias, rud a chuir ar chumas daoine Íosa a aithint mar “an Críost, Mac Dé bheo.”—Matha 16:16.

3. Cá bhfuil Íosa anois?

Tar éis d’Íosa bás a fháil, d’fhill sé ar neamh mar aingeal. Ansin d’ardaigh “Dia thar na bearta é.” (Filipigh 2:9) Tá sé an-chumhachtach anois, le hard-stádas—níl de cheann air ach Iehova.

DÉAN TAIGHDE

Faigh tuilleadh eolais faoi cé hé Íosa agus faoin gcúis a bhfuil sé tábhachtach foghlaim faoi.

Íosa agus Eoin Baiste ina seasamh san uisce ag éisteacht le glór ó na flaithis díreach tar éis baiste Íosa.

4. Ní hé Íosa Dia Uilechumhachtach

Cé gur pearsa spiorad cumhachtach ar neamh é Íosa, tá sé fós faoi cheannas a Dé agus a Athar, Iehova. Cén fáth gur féidir linn é sin a rá? Seinn an FÍSEÁN chun fáil amach céard a mhúineann an Bíobla faoin stádas atá ag Íosa i dtaca le Dia uilechumhachtach.

FÍSEÁN: Is Jesus Christ God? (3:22)

Cabhraíonn na scrioptúir seo a leanas linn tuiscint a fháil ar an gcaidreamh atá idir Iehova agus Íosa. Léigh gach scrioptúr, agus ansin pléigh na ceisteanna a leanann.

Léigh Lúcás 1:30-32.

  • Cén cur síos a rinne an t-aingeal ar an gcaidreamh idir Íosa agus Iehova Dia, “an Té is airde”?

Léigh Matha 3:16, 17.

  • Nuair a baisteadh Íosa céard a dúirt an glór ó na flaithis?

  • Cé a labhair, dar leat?

Léigh Eoin 14:28.

  • Cé acu is sine agus is mó údaráis? Athair nó mac?

  • Céard a bhí i gceist ag Íosa nuair a thug sé a Athair ar Iehova?

Léigh Eoin 12:49.

  • An gceapann Íosa gur ionann é féin agus a Athair? Céard a cheapann tusa?

5. Cruthaíodh gurbh é Íosa an Meisias

Tá go leor tairngreachtaí sa mBíobla faoin Meisias, a chabhródh le daoine an Meisias a aithint. Seinn an FÍSEÁN le breis eolais faoi na tairngreachtaí a chomhlíon Íosa nuair a tháinig sé chun na talún.

FÍSEÁN: Jesus Fulfills Prophecy (3:03)

Léigh na tairngreachtaí seo, ansin pléigh na ceisteanna a leanann:

Léigh Míocá 5:1 (5:2 i mBíoblaí eile) le fáil amach cár rugadh an Meisias.b

  • Ar chomhlíon breith Íosa an tairngreacht sin?—Matha 2:1.

Léigh Salm 34:21 (34:20 i mBíoblaí eile) agus Zacairia 12:10 chun breis eolais a fháil faoin méid a bhí tuartha faoi bhás an Mheisias.

  • Ar comhlíonadh na tairngreachtaí seo?—Eoin 19:33-37.

  • An bhféadfadh Íosa tionchar a bheith aige ar chomhlíonadh na dtairngreachtaí seo?

  • Céard a chruthaíonn sé seo faoi Íosa?

6. Baineann muid leas as foghlaim faoi Íosa

Cuireann an Bíobla béim ar an tábhacht atá le foghlaim faoi Íosa agus faoina ról i gcuspóir Dé. Léigh Eoin 14:6 agus 17:3, ansin pléigh an cheist seo:

  • Cén fáth a bhfuil sé ríthábhachtach foghlaim faoi Íosa?

Íosa ag teagasc grúpa fear, ban, agus páistí.

Is é Íosa an tslí ar féidir linn a bheith inár gcara ag Dia. Mhúin sé an fhírinne faoi Iehova, agus trí Íosa is féidir linn an bheatha shíoraí a fháil

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Ní chreideann Finnéithe Iehova in Íosa.”

  • Cén freagra a thabharfá?

ACHOIMRE

Is spiorad cumhachtach é Íosa. Is é an Meisias agus Mac Dé é.

Súil Siar

  • Cén fáth a dtugtar “céadghin gach dúile cruthaithe” air?

  • Céard a bhí Íosa a dhéanamh sular tháinig sé chun na talún?

  • Cén chaoi a bhfuil a fhios againn gurb é Íosa an Meisias?

Sprioc

FIOSRAIGH

Foghlaim tuilleadh faoi ról Íosa mar an Meisias.

“An gCruthaíonn Tairngreachtaí gurbh é Íosa an Meisias?” (Alt ar líne)

Faigh amach an múineann an Bíobla gur ghin Dia Íosa ar an mbealach céanna a ghintear leanaí daonna.

“Cén Fáth a dTugtar Mac Dé ar Íosa?” (Alt ar líne)

Déan machnamh ar an gcúis nach teagasc ón mBíobla í an Tríonóid.

“Is Jesus God?”(The Watchtower, 1 Aibreán, 2009)

Léigh mar a d’athraigh saol mná tar éis di scrúdú a dhéanamh ar an méid atá ráite sa mBíobla faoi Íosa.

“A Jewish Woman Explains Why She Reexamined Her Faith” (Awake!, Bealtaine 2013)

a Pléfar an chúis a theastaíonn slánaitheoir ón gcine daonna agus an bealach a shlánaíonn Íosa muid i gceacht 26 agus 27.

b Féach ar Aguisín 2 le fáil amach go díreach faoin uair a rinneadh Meisias d’Íosa.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn