- 
	                        
            
            Céard a Thabharfaidh tú Faoi Deara ag ár gCruinnithe Críostaí?Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
- 
                            - 
                                        CEACHT 5 Céard a Thabharfaidh tú Faoi Deara ag ár gCruinnithe Críostaí?An Airgintín Siarra Leon An Bheilg An Mhalaeisia Tá droim láimhe tugtha ag go leor daoine do sheirbhísí reiligiúnacha mar nach bhfuil siad ag fáil aon sólás uathu ná freagraí ar cheisteanna móra an tsaoil. Cén fáth, mar sin, ar cheart duit freastal ar na cruinnithe Críostaí atá eagraithe ag Finnéithe Iehova? Céard a thabharfaidh tú faoi deara ag na cruinnithe sin? Daoine grámhara carthanacha. Sa gcéad aois bhí Críostaithe eagraithe ina bpobail, agus bhí cruinnithe acu go rialta chun Dia a adhradh, staidéar a dhéanamh ar na scrioptúir, agus chun a chéile a spreagadh. (Eabhraigh 10:24, 25) Mar gheall ar an atmaisféar grámhar a bhí ann, mhothaigh siad go raibh siad i measc fíor-chairde—a mbráithre, sé sin, a gcomhchríostaithe idir fhir is mhná. (2 Teasalónaigh 1:3; 3 Eoin 14) Tá ár gcruinnithe eagraithe ar an mbealach céanna inniu agus baineann muid an taitneamh céanna astu. An tairbhe atá le prionsabail an Bhíobla a chur i bhfeidhm. Mar a bhí fíor san am a ndéanann an Bíobla cur síos air, cruinníonn fir, mná agus páistí le chéile. Úsáideann teagascóirí oilte an Bíobla chun cabhrú linn tuiscint a fháil ar an mbealach is fearr le prionsabail an Bhíobla a chur i bhfeidhm inár saol laethúil. (Deotranaimí 31:12; Nihimiá 8:8) Is féidir le gach duine páirt a ghlacadh san ábhar a bhíonn á phlé, agus i gcanadh na n-amhrán, rud a thugann deis dúinn ár ndóchas Críostaí a chur in iúl.—Eabhraigh 13:15. Neartófar do chreideamh i nDia. Dúirt an t-aspal Pól le ceann de na pobail a bhí ann lena linn: “Mar is fada liom go bhfeicfidh mé sibh . . . d’fhonn sibh a neartú, go bhfaighinn . . . sólás in bhur measc ón gcreideamh atá agaibhse agus agamsa araon le chéile.” (Rómhánaigh 1:11, 12) Neartaíonn an comhluadar maith a bhíonn againn ag ár gcruinnithe go rialta ár gcreideamh, agus cabhraíonn sé linn saol Críostaí a chaitheamh. Glac leis an gcuireadh seo, agus téigh go dtí an chéad chruinniú eile chun na rudaí seo a fheiceáil duit féin. Cuirfear fáilte is fiche romhat. Tá na cruinnithe ar fad saor in aisce—ní dhéantar aon bhailiúchán riamh. - Cé air a bhfuil leagan amach ár gcruinnithe bunaithe? 
- Cén tairbhe atá ann dúinn freastal ar ár gcruinnithe Críostaí? 
 
 
- 
                                        
- 
	                        
            
            Cén Chaoi a dTéann Comhluadar ár gComhchríostaithe Chun Tairbhe Dúinn?Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
- 
                            - 
                                        CEACHT 6 Cén Chaoi a dTéann Comhluadar ár gComhchríostaithe chun Tairbhe Dúinn?Madagascar An Iorua An Liobáin An Iodáilc Bíonn muid i láthair ag ár gcruinnithe Críostaí go rialta, fiú má bhíonn orainn taisteal achar fada nó má bhíonn drochaimsir ann. Cén fáth a ndéanann Finnéithe Iehova a míle dícheall a bheith i gcomhluadar a gcomhchreidmhigh in ainneoin anró an tsaoil agus tuirse an lae? Cabhraíonn sé linn déileáil le dúshláin an tsaoil. “Tugaimis aird ar a chéile,” a scríobh Pól, ag tagairt dóibh siúd atá sa bpobal Críostaí céanna linn. (Eabhraigh 10:24) Ciallaíonn sé seo go bhfuil orainn aithne mhaith a chur ar a chéile. Mar sin, spreagann focail an aspail muid chun breathnú amach dá chéile. Nuair a chuireann muid aithne ar bhaill eile den phobal faigheann muid amach faoi na dúshláin atá sáraithe acusan, rud a chabhraíonn linne dul i ngleic le dúshláin den chineál céanna inár saol féin. Cothaíonn sé dlúthchairdeas buan. Tagann muid le chéile ag ár gcruinnithe, ní mar strainséirí, ach mar dhlúthchairde. Tagann muid le chéile ag amanna eile le sult a bhaint as caitheamh aimsire folláin. Cén tairbhe atá sna himeachtaí sóisialta seo? Cabhraíonn siad linn dea-mhuinín a bheith againn as a chéile, rud a neartaíonn an grá eadrainn. Ansin, nuair a bhíonn fadhbanna ag ár gcairde, téann muid i gcabhair orthu láithreach, mar gheall ar an gcairdeas buan atá cothaithe againn. (Seanfhocail 18:24) Nuair a bhíonn sé de chleachtadh againn am a chaitheamh i gcuideachta gach ball dár bpobal, taispeánann sé go bhfuil muid go léir ar mhaithe lena chéile.—1 Corantaigh 12:25, 26. Molann muid duit cairde a roghnú atá ag déanamh toil Dé. Tá na cairde seo le fáil i measc Fhinnéithe Iehova. Ná stopadh aon ní thú ó chomhluadar a choinneáil linn. - Cén fáth gurb é ár leas é a bheith i gcomhluadar a chéile ag na cruinnithe? 
- Cén uair ar mhaith leat a theacht ag ár gcruinniú agus aithne a chur orainn? 
 
 
- 
                                        
- 
	                        
            
            Céard a Bhíonn ar Bun ag ár gCruinnithe?Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
- 
                            - 
                                        CEACHT 7 Céard a Bhíonn Ar Bun Ag Ár gCruinnithe?An Nua-Shéalainn An tSeapáin Uganda An Liotuáin Tháinig na chéad Chríostaithe le chéile chun amhráin a chanadh, guí a dhéanamh, agus an Bíobla a léamh agus a phlé—saor ó aon chineál deasghnátha reiligiúnacha. (1 Corantaigh 14:26) Tá ár gcruinnithe mar a chéile inniu. Tá an teagasc bunaithe ar an mBíobla agus tá sé praiticiúil. Tagann gach pobal le chéile ar an deireadh seachtaine chun éisteacht le caint phoiblí 30 nóiméad atá bunaithe ar an mBíobla. Pléitear an bhaint atá ag na Scrioptúir lenár saol inniu, agus leis an aois ina maireann muid. Moltar do gach a bhfuil i láthair na scrioptúir a luaitear a léamh ina mBíobla féin. Tar éis na cainte poiblí, déantar plé ar ábhar as an “Watchtower” ar feadh uair an chloig, agus is féidir le gach duine a bheith páirteach ann. Cabhraíonn sé seo linn prionsabail an Bhíobla a chur i bhfeidhm inár saol. Déantar staidéar ar an ábhar céanna i ngach ceann den bhreis agus 110,000 pobal ar fud an domhain. Cabhraítear linn ár scileanna múinteoireachta a fheabhsú. Bíonn cruinniú eile againn oíche amháin i rith na seachtaine, ar a dtugtar Ár Saol agus Ár Ministreacht Chríostaí. Bíonn an cruinniú seo roinnte ina thrí chuid, agus bíonn sé bunaithe ar an ábhar i Leabhar Oibre an Chruinnithe, a chuirtear ar fáil go míosúil. Sa gcéad chuid den chruinniú, dar teideal Seoda as Briathar Dé, cabhraítear linn tuiscint níos fearr a fháil ar shliocht as an mBíobla a bhíonn léite roimh ré ag an bpobal. Sa dara cuid, dar teideal Caith Dúthracht Leis an gCraobhscaoileadh, cuirtear cainteanna agus taispeántais i láthair a chabhraíonn linn teachtaireacht an Bhíobla a phlé le daoine eile. Déanann comhairleoir léirmheas ar na cainteanna agus na taispeántais chun cabhrú linn ár scileanna léitheoireachta agus cainte a fheabhsú. (1 Tiomóid 4:13) Ar deireadh, bíonn an tríú cuid, dar teideal Ag Maireachtáil Mar Chríostaithe, ina mbíonn seisiún ceist agus freagra. Tugtar tuiscint níos doimhne dúinn ar an mBíobla, agus ar an gcaoi ar féidir linn prionsabail an Bhíobla a chur i bhfeidhm inár saol laethúil. Nuair a thosóidh tú ag freastal ar ár gcruinnithe, tá muid cinnte go mbeidh tú an-tógtha leis an gcaighdeán ard teagaisc ar an mBíobla a chuirtear ar fáil.—Íseáia 54:13. - Céard a bhíonn ar siúl ag cruinnithe Fhinnéithe Iehova? 
- Céard é an chéad chruinniú eile ar mhaith leat freastal air? 
 
 
- 
                                        
- 
	                        
            
            Cén Fáth a nGléasann Muid Go Deas i gComhair Ár gCruinnithe?Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
- 
                            - 
                                        CEACHT 8 Cén Fáth a nGléasann Muid Go Deas i gComhair Ár gCruinnithe?An Íoslainn Meicsiceo Guine Bissau Na Filipínigh Ar thug tú faoi deara ó na pictiúir atá sa mbróisiúr seo chomh deas is a bhíonn Finnéithe Iehova gléasta nuair a bhíonn siad ag freastal ar a gcruinnithe? Cén fáth a gcuireann muid an oiread sin béime ar an gcaoi a ngléasann muid? Chun ómós a thaispeáint dár nDia. Is fíor a rá nach de réir mar a bhíonn muid gléasta a thugann Dia breith orainn. (1 Samúéil 16:7) Mar sin féin, nuair a thagann muid le chéile is é mian ár gcroí ómós a thaispeáint do Dhia agus dár gcomhadhraitheoirí. Dá mbeadh muid le seasamh os comhair breithimh sa gcúirt, is cinnte go ngléasfadh muid ar bhealach a thaispeánfadh ómós dá stádas. Ar an gcaoi chéanna, taispeánann an chaoi a ngléasann muid ag cruinnithe an dea-mheas atá againn ar “bhreitheamh an domhain uile,” Iehova Dia, agus ar an ionad ina dtugann muid adhradh dó.—Geineasas 18:25. Chun ár gcaighdeán ard maireachtála a léiriú. Spreagann an Bíobla muid chun gléasadh “go modhúil macánta.” (1 Tiomóid 2:9, 10, Tiomna Nua le Cosslett Ó Cuinn) Má ghléasann muid “go modhúil,” ciallaíonn sé nach mbeidh muid gléasta in éadaí gáirsiúla. Chomh maith leis sin, má bhíonn muid “macánta” roghnóidh muid éadaí slachtmhara, néata, in áit éadaí sraoilleacha. Fós féin, fágann na prionsabail seo a lán roghanna éagsúla againn maidir leis na héadaí a chaitheann muid. Cuireann an bealach deas ómósach ina ngléasann muid “maise ar theagasc Dé ár slánaitheoir,” agus tugann sé glóir dó. (Títeas 2:10, Tiomna Nua le Cosslett Ó Cuinn; 1 Peadar 2:12) Mar sin, bíonn tionchar ag an gcaoi a ngléasann muid i gcomhair ár gcruinnithe ar an dearcadh a bhíonn ag daoine eile ar adhradh Iehova. Ná ceap go dteastaíonn éadaí daora galánta uait chun freastal ar an Ríocht-halla. Ní gá ach go mbeidh siad glan, néata agus oiriúnach. - Cén tábhacht atá leis an gcaoi a ngléasann muid agus muid ag adhradh Dé? 
- Cé na prionsabail a threoraíonn muid maidir leis an gcaoi a ngléasann muid? 
 
 
- 
                                        
- 
	                        
            
            Cén Chaoi Is Fearr Le hUllmhú Do Na Cruinnithe?Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
- 
                            - 
                                        CEACHT 9 Cén Chaoi Is Fearr Le hUllmhú i gComhair Na gCruinnithe?An Chambóid An Úcráin Má tá tú ag staidéar an Bhíobla le Finnéithe Iehova, is dóigh go ndéanann tú léirbhreithniú ar an ábhar roimh ré. Ní mór an rud céanna a dhéanamh chun an leas is fearr a bhaint as na cruinnithe. Má chuireann muid an dea-chleachtas seo i bhfeidhm go rialta, beidh toradh maith air. Socraigh am agus áit chun staidéar a dhéanamh. Cén t-am den lá is fearr a dhéanann tú staidéar? Go luath ar maidin nó níos déanaí sa tráthnóna? Fiú mura bhfuil tú in ann staidéar ar feadh tréimhsí fada, socraigh ar an méid ama atá tú in ann a chur ar leataobh lena aghaidh agus triail gan ligeann d’aon rud cur isteach ort. Faigh áit chiúin, agus cas as an raidió, an teilifís, an fón póca, agus aon rud eile a chuirfeadh isteach ort. Má ghuíonn tú roimh ré tabharfaidh sé cúnamh duit imní an lae a chur ar leataobh agus díriú isteach ar Bhriathar Dé.—Filipigh 4:6, 7. Ullmhaigh an t-ábhar agus faigh réidh le páirt a ghlacadh. Ar dtús déan athbhreithhniú ar an ábhar a bheidh á phlé. Smaoinigh ar theideal an ailt nó an chaibidil, féach ar an mbaint atá ag na fotheidil leis an téama, agus scrúdaigh na pictiúir agus na ceisteanna athbhreithnithe. Ansin léigh gach alt agus aimsigh freagraí na gceisteanna. Aimsigh agus léigh na scrioptúir atá luaite, agus féach mar a thacaíonn siad leis an ábhar. (Gníomhartha 17:11) Nuair atá freagra na ceiste agat, cuir líne faoi chúpla focal nó frásaí san alt a thabharfaidh an freagra chun cuimhne. Ansin ag an gcruinniú is féidir leat do lámh a chur suas, más mian leat, agus freagra gearr a thabhairt i do chuid focail féin. De réir mar a dhéanann tú scrúdú ar na hábhair éagsúla a phléitear gach seachtain ag na cruinnithe, beidh tú ag cur leis an “stór” eolais atá agat ar an mBíobla.—Matha 13:51, 52. - Céard iad na dea-chleachtais a d’fhéadfá a chothú chun ullmhú do na cruinnithe? 
- Cén chaoi ar féidir leat ullmhú chun freagra a thabhairt ag an gcruinniú? 
 
 
- 
                                        
- 
	                        
            
            Ag Adhradh Dé Le Chéile Mar ChlannCé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
- 
                            - 
                                        CEACHT 10 Ag Adhradh Dé Le Chéile Mar ChlannAn Chóiré Theas An Bhrasaíl An Astráil An Ghuine Is é mian Iehova go dtiocfadh gach clann le chéile go rialta, chun a gcuid spioradáltachta a chothú agus a gcaidreamh le chéile a neartú. (Deotranaimí 6:6, 7) Sin é an fáth a gcuireann Finnéithe Iehova tréimhse ama ar leataobh gach seachtain chun Dia a adhradh mar chlann—ag plé ábhair spioradálta atá roghnaithe acu roimh ré. Fiú má tá tú i do chónaí leat féin, is féidir leat an t-am sin a chaitheamh ag déanamh staidéir ar do rogha ábhair ón mBíobla. Neartaíonn sé ár gcaidreamh le hIehova. “Druidigí i gcóngar Dé agus druidfidh Dia in bhur gcóngarsa.” (Séamas 4:8) Cuireann muid aithne níos fearr ar Iehova nuair a dhéanann muid staidéar ar an mBíobla. Chun tús a chur le bhur seisiún adhartha is féidir sliocht as an mBíobla a léamh os ard le chéile—d’fhéadfaí an sceideal don chruinniú Ár Saol agus Ár Ministreacht Chríostaí a leanúint. D’fhéadfadh gach duine den teaghlach píosa léitheoireachta a dhéanamh agus ansin plé a dhéanamh ar na scrioptúir atá léite. Neartaíonn sé ár gcaidreamh lenár gclann. Neartaíonn fir agus mná céile, chomh maith le tuismitheoirí agus páistí, a gcaidreamh nuair a dhéanann siad staidéar ar an mBíobla mar chlann. Ba cheart gur ócáid shona é, a mbeadh gach duine ag tnúth leis. Is féidir le tuismitheoirí ábhair phraiticiúla a roghnú ón Watchtower agus Awake! nó ónár láithreán gréasáin, jw.org, ag brath ar aois na bpáistí. Is féidir libh plé a dhéanamh ar fhadhb atá ag bhur bpáistí ar scoil agus an chaoi is fearr le déileáil leis. Breathnaigí, más mian libh, ar cheann de na cláir atá craolta ar JW Broadcasting (tv.jw.org) agus déan plé air. Is féidir na hamhráin le haghaidh na gcruinnithe a chleachtadh, agus taitneamh a bhaint as sólaistí tar éis an tseisiúin adhartha. Cabhróidh bhur seisiún adhartha libh pléisiúr a bhaint as Briathar Dé agus beannóidh Dia bhur saothar.—Salm 1:1-3. - Cén fáth a mbíonn seisiún adhartha againn mar chlann? 
- Cén chaoi ar féidir le tuismitheoirí a chinntiú gur ócáid shona a bheidh ann? 
 
 
- 
                                        
- 
	                        
            
            Cén Fáth a bhFreastalaíonn Muid ar Chomhthionóil Mhóra?Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
- 
                            - 
                                        CEACHT 11 Cén Fáth a bhFreastalaíonn Muid Ar Chomhthionóil Mhóra?Meicsiceo An Ghearmáin An Bhotsuáin Nicearagua An Iodáil Tá na daoine gealgháireacha seo ag freastal ar cheann dár gcomhthionóil. Ar nós searbhóntaí Dé a thagadh le chéile trí huaire sa mbliain san am a caitheadh, bíonn muidne ag tnúth go mór le teacht le chéile i ngrúpaí móra. (Deotranaimí 16:16) Bíonn trí chomhthionól againn gach bliain, dhá chomhthionól ceantair aon lae, agus comhdháil réigiúnach trí lá. Cén tairbhe a bhaineann muid as na comhthionóil seo? Neartaíonn siad an caidreamh atá eadrainn mar Chríostaithe. Faoi mar a bhíodh ríméad ar na hIosraeilítigh agus iad ag moladh Iehova “i gcomhdháil agus i gcomhthionól,” bíonn ríméad orainne freisin nuair a bhíonn muid ag moladh Dé le chéile ag na comhthionóil speisialta seo. (Salm 26:12; 111:1) Tugann siad deis iontach dúinn casadh le Finnéithe ó phobail eile, agus ó thíortha eile. I lár an lae bíonn lón againn le chéile ag ionad an chomhthionóil, rud a chuireann leis an atmaisféar cairdiúil a bhíonn ann. (Gníomhartha 2:46) Ag na hócáidí spioradálta seo mothaítear an grá atá ag ár gcomhchríostaithe dá chéile ar fud an domhain.—1 Peadar 2:17. Cabhraíonn siad linn dul chun cinn spioradálta a dhéanamh. Bhain na hIosraeilítigh tairbhe as a gcomhthionóil chomh maith mar “gur thuig siad brí” na Scrioptúir a bhí á mhíniú dóibh. (Nihimiá 8:8, 12) Tá ardmheas againne freisin ar an teagasc ón mBíobla a fhaigheann muid ag ár gcomhthionóil. Bíonn gach clár bunaithe ar théama Scrioptúrtha. Foghlaimíonn muid le toil Dé a dhéanamh ó chainteanna spéisiúla, ó shiompóisiamí, agus ó dhrámaí gearra a léiríonn fadhbanna éagsúla a mbíonn ar dhaoine dul i ngleic leo. Tugann sé misneach dúinn nuair a chloiseann muid cur síos á dhéanamh ag daoine eile ar na deacrachtaí a sháraigh siadsan agus iad ag iarraidh a bheith ag maireachtáil mar Chríostaithe sa lá atá inniu ann. Bíonn drámaí feisteas seanré ar siúl ag na comhdhálacha réigiúnacha, a chuireann brí agus beatha i sleachta ón mBíobla agus a mhúineann ceachtanna praiticiúla dúinn. Bíonn baiste ar siúl ag gach comhthionól dóibh siúd a bhíonn ag iarraidh a chur in iúl go bhfuil siad tiomnaithe do Dhia. - Cén fáth gur ócáidí áthasacha iad na comhthionóil? 
- Cén tairbhe a bhainfeá as freastal ar chomhthionól? 
 
 
- 
                                        
- 
	                        
            
            Cén Chaoi a nDéanann Muid an Dea-Scéal a Chraobhscaoileadh?Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
- 
                            - 
                                        CEACHT 12 Cén Chaoi a gCraobhscaoileann Muid An Dea-Scéal?An Spáinn An Bhealarúis Hong Cong Peiriú Go gairid sula bhfuair sé bás, dúirt Íosa: “Fógrófar an dea-scéal seo na ríochta ar fud na cruinne go léir mar fhianaise do na náisiúin uile, agus is ansin a thiocfaidh an deireadh.” (Matha 24:14) Ach cén chaoi a ndéanfaí an deá-scéal faoi Ríocht Dé a chraobhscaoileadh ar fud an domhain? Ar an mbealach céanna a chraobhscaoil Íosa é nuair a bhí sé ar an talamh.—Lúcás 8:1. Déanann muid iarracht castáil le daoine ag baile. Thraenáil Íosa a chuid deisceabail chun an dea-scéal a chraobhscaoileadh ó theach go teach. (Matha 10:11-13; Gníomhartha 5:42; 20:20) Leagadh amach limistéir faoi leith do na chéad Chríostaithe chun an dea-scéal a chraobhscaoileadh iontu. (Matha 10:5, 6) Mar an gcéanna sa lá atá inniu ann, tá ord agus eagar ar ár gcuid oibre. Tá a limistéar féin leagtha amach do gach pobal chun an dea-scéal a chraobhscaoileadh ann. Cuireann sé seo ar ár gcumas ordú Chríost a chomhlíonadh agus an dea-scéal faoi Ríocht Dé a fhógairt do na daoine.—Gníomhartha 10:42. Déanann muid iarracht labhairt le daoine pé áit ina bhfuil siad. Chomh maith leis sin, chraobhscaoil Íosa in áiteanna poiblí—cois na farraige mar shampla, agus ag tobar. (Marcas 4:1; Eoin 4:5-15) Labhraíonn muidne le daoine faoin mBíobla pé áit ar féidir linn—ar na sráideanna, in ionaid gnó, i bpáirceanna, nó ar an teileafón. Chomh maith leis sin, labhraíonn muid lenár gcomharsana, ár gcomhghleacaithe, ár gcomhscoláirí, agus ár ngaolta nuair a fhaigheann muid an deis chuí. Is é an toradh atá ar na hiarrachtaí seo uile ná go bhfuil dea-scéal an tslánaithe á chloisteáil ag na milliúin duine ar fud na cruinne.—Salm 96:2. An bhfuil tú in ann cuimhneamh ar aon duine gur mhaith leat insint dhó faoi Ríocht Dé? Ná coinnigh an teachtaireacht dóchais seo duit féin. Inis dóibh faoi chomh luath agus is féidir leat! - Cén “dea-scéal” a chaithfear a chraobhscaoileadh? 
- Cén chaoi a bhfuil Finnéithe Iehova ag leanúint an eiseamláir a d’fhág Íosa acu? 
 
 
- 
                                        
- 
	                        
            
            Céard é Ceannródaí?Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
- 
                            - 
                                        CEACHT 13 Céard é Ceannródaí?Ceanada Ó theach go teach Ag staidéar an Bhíobla Staidéar pearsanta Tugtar “ceannródaí” go minic ar dhuine a réitíonn an bealach roimh ré chun gur féidir le daoine eile a lorg a leanúint. Ba cheannródaí é Íosa sa méid is gur cuireadh chun na talún é chun bealach an tslánaithe a réiteach dúinn. (Matha 20:28) Tá a lucht leanúna ag leanúint a lorg inniu, iad ag caitheamh an méid ama agus is féidir leo ‘ag déanamh deisceabail’. (Matha 28:19, 20) Tá cuid acu atá in ann níos mó ama ná a chéile a chaitheamh ag craobhscaoileadh agus tugtar ceannródaithe orthu seo. Is craobhscaoilteoir lánaimseartha é an ceannródaí. Bíonn gach duine d’Fhinnéithe Iehova ag craobhscaoileadh an dea-scéil. Tá a gcuid cúraimí eagraithe ag cuid acu, áfach, chun freastal mar cheannródaithe, ag caitheamh 70 uair in aghaidh na míosa ag craobhscaoileadh. Oibríonn go leor acu go páirtaimseartha chun a bheith in ann é seo a dhéanamh. Roghnaítear cuid eile chun freastal mar cheannródaithe speisialta in áiteanna a bhfuil cúnamh ag teastáil leis an dea-scéal a fhógairt, iad ag caitheamh 130 uair in aghaidh na míosa ag craobhscaoileadh. Tá na ceannródaithe sásta saol simplí a chaitheamh. Tá siad muiníneach go gcuirfidh Iehova riar a gcáis ar fáil dóibh. (Matha 6:31-33; 1 Tiomóid 6:6-8) Is féidir leo siúd nach bhfuil in ann freastal mar cheannródaithe lánaimseartha, freastal mar cheannródaithe cúntacha ag caitheamh 30 nó 50 uair in aghaidh na míosa ag craobhscaoileadh, de réir mar a atá siad in ann. Grá do Dhia agus do dhaoine a spreagann an ceannródaí. Ar nós Íosa, tugann muid faoi deara an drochbhail atá ar spioradáltacht fhormhór na ndaoine inniu. (Marcas 6:34) Ach tá eolas againn atá in ann cabhrú leo anois, agus atá in ann dóchas buan a thabhairt dóibh don todhchaí. Grá dá chomharsa a spreagann an ceannródaí chun a chuid ama agus a chuid fuinnimh a úsáid le cabhair spioradálta a thabhairt go fial flaithiúil do dhaoine eile. (Matha 22:39; 1 Teasalónaigh 2:8) Bíonn dea-thoradh ar seo mar neartaítear creideamh an cheannródaí, druideann sé isteach le Dia agus bíonn gliondar ar a chroí.—Gníomhartha 20:35. - Céard é ceannródaí? 
- Cén fáth a bhfreastalaíonn cuid d’Fhinnéithe Iehova mar cheannródaithe lánaimseartha? 
 
 
- 
                                        
- 
	                        
            
            Cén Oiliúint Atá Curtha ar Fáil do Cheannródaithe?Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
- 
                            - 
                                        CEACHT 14 Cén Oiliúint Atá Curtha ar Fáil do Cheannródaithe?Na Stáit Aontaithe Scoil Ghileád, Patterson, Nua Eabhrach Panama Tá an t-oideachas dialathach mar shainmharc ar Fhinnéithe Iehova le fada an lá. Tá oiliúint speisialta curtha ar fáil do craobhscaoilteoirí lánaimseartha, chun go mbeidh siad in ann a ndualgas a chomhlíonadh.—2 Tiomóid 4:5. Scoil na gCeannródaithe. Nuair atá bliain caite ag duine mar cheannródaí, is féidir leis nó léi freastal ar scoil sé lá, a reáchtáiltear i Ríocht-halla de ghnáth. Is é cuspóir na scoile cabhrú leis an gceannródaí aithne níos fearr a chur ar Iehova, a bheith níos éifeachtaí sna gnéithe éagsúla den chraobhscaoileadh, agus leanúint orthu go dílis ina gcuid seirbhíse. Scoil do Chraobhscaoilteoirí na Ríochta. Is cúrsa dhá mhí é seo atá curtha ar fáil do cheannródaithe a bhfuil cuid mhaith taithí acu ag craobhscaoileadh an dea-scéil agus atá toilteanach a gceantar féin a fhágáil agus a dhul cibé áit ina bhfuil siad ag teastáil. Tá siad ag leanúint eiseamláir an chraobhscaoilteoir ba mhó le rá, Íosa Críost, agus iad ag rá, “Seo anseo mise, cuir mise.” (Íseáia 6:8; Eoin 7:29) B’fhéidir go mbeadh orthu siúd a bhogann i bhfad ó bhaile cur suas le caighdeán maireachtála atá níos ísle ná mar atá acu sa mbaile. D’fhéadfadh sé go mbeadh an cultúr, an aeráid, agus an bia difriúil ar fad ón rud a chleacht siad. B’fhéidir go mbeidh orthu teanga nua a fhoghlaim fiú. Cabhraíonn an scoil seo le Finnéithe atá singil agus lánúineacha pósta, atá idir 23 agus 65 bliain d’aois, na tréithe spioradálta agus na scileanna a bheidh ag teastáil uathu a chothú, rud a chuirfidh ar a gcumas seirbhís níos fearr a thabhairt d’Iehova agus dá eagraíocht. Scoil Ghileád. San Eabhrais ciallaíonn “Gileád” “Carnán na Fianaise.” Ó bunaíodh Scoil Ghileád i 1943, tá breis agus 8,000 céimithe curtha amach mar mhisinéirí chun fianaise a thabhairt “go himeall an domhain” agus tá ag éirí go hiontach leo. (Gníomhartha 13:47) Nuair a thosaigh ár misinéirí ag freastal sa tSeapáin bhí níos lú ná deichniúr Finné sa tír sin. Anois tá breis agus 200,000 ann. Bíonn cúrsa Scoil Ghileád ar bun ar feadh cúig mhí agus déantar dian-staidéar ar Bhriathar Dé mar chuid de. Tugtar cuireadh chuig Scoil Ghileád do cheannródaithe speisialta, do mhisinéirí, dóibh siúd atá ag obair ag craobh-oifigí, nó atá i bhfeighil ceantair. Cuirtear oiliúint orthu chun go mbeidh siad in ann craobhscaoileadh an dea-scéil a bhuanú agus a neartú go domhanda. - Cén cuspóir atá ag Scoil na gCeannródaithe? 
- Cé a fhreastalaíonn ar an Scoil do Chraobhscaoilteoirí na Ríochta? 
 
 
-