Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • yc ceacht 1 leathanaigh 4-5
  • Rún a Chuireann Áthas Orainn

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Rún a Chuireann Áthas Orainn
  • Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Geallann Dia Párthas
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Cén Cuspóir Atá ag Dia don Talamh?
    Céard Atá Dia a Iarraidh Orainne?
  • Cén Cuspóir Atá ag Dia don Domhan?
    Dea-scéala Ó Dhia!
  • Cén Chaoi a Raibh an Saol i bParthas?
    Éist le Dia agus Mair go Deo
Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
yc ceacht 1 leathanaigh 4-5
Cluas le héisteacht ar na hAingil le linn d’Íosa a bheith ag labhairt le daoine faoi Ríocht Dé

CEACHT 1

Rún a Chuireann Áthas Orainn

Ar chuala tú rún riamh?—a Tá rún speisialta sa Bhíobla ar a dtugtar an rún naofa. Tá sé naofa mar gur ó Dhia é. Agus ós rud é nach raibh a fhios ag aon duine faoi, ba rún é. Bhí na haingil iad féin fiú ag iarraidh fáil amach faoi. Ar mhaith leatsa a fháil amach céard é an rún seo?—

Meas tú céard a bhí na haingil ag iarraidh a fháil amach?

Tamall an-fhada ó shin, chruthaigh Dia an chéad fhear agus an chéad bhean. Ádhamh agus Éabha an t-ainm a bhí orthu. Chuir Dia ina gcónaí in áit álainn iad ar a dtugtar gairdín Éidin. Dá mbeadh Ádhamh agus Éabha umhal do Dhia, d’fhéadfadh siad féin agus a bpáistí parthas a dhéanamh den domhan ar fad ar nós an ghairdín sin. Agus d’fhéadfadh siad maireachtáil i bParthas go deo. Ach an cuimhin leat céard a rinne Ádhamh agus Éabha?—

Bhí Ádhamh agus Éabha easumhal do Dhia, agus sin é an fáth nach bhfuil an domhan ina pharthas anois. Ach dúirt Dia go ndéanfadh sé parthas álainn den domhan arís agus go mairfeadh gach duine go deo agus go sona sásta. Cén chaoi a ndéanfadh sé é seo? Ar feadh i bhfad ní raibh a fhios ag aon duine. Ba rún é.

Nuair a tháinig Íosa ar an talamh, d’inis sé níos mó do dhaoine faoin rún seo. D’inis sé dóibh gur bhain an rún le Ríocht Dé. Dúirt Íosa le daoine a bheith ag guí go dtiocfadh an Ríocht seo. Sí an Ríocht a dhéanfaidh parthas álainn den domhan.

An gcuireann an t-eolas seo faoin rún sceitimíní ort?— Cuimhnigh nach gcónóidh i bParthas ach iad siúd a bheidh umhal do Iehova. Tá go leor scéalta sa Bhíobla a dhéanann cur síos ar fhir agus ar mhná a bhí umhal do Iehova. Ar mhaith leatsa eolas a chur orthu?— Breathnóimid le chéile ar chuid acu agus ar an gcaoi ar féidir linne aithris a dhéanamh orthu.

LÉIGH I DO BHÍOBLA

  • Marcas 4:11

  • 1 Peadar 1:12

  • Geineasas 1:26-28; 2:8, 9; 3:6, 23;

  • Matha 6:9, 10

  • Salm 37:11, 29

a San áit a bhfeiceann tú an marc seo (—) i ndiaidh ceist sna scéalta, stop agus tabhair deis don duine óg freagra a thabhairt.

CEISTEANNA:

  • Cén fáth nach bhfuil an domhan ina pharthas anois?

  • Cén rún speisialta atá sa Bhíobla?

  • Céard a d’inis Íosa do dhaoine faoin rún seo?

  • Céard a chaithfidh tú a dhéanamh chun cónaí i bParthas?

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn