Réamhrá Cuid 6
Nuair a shroich na hIosraeilítigh an Tír Tairngire, bhí an taibearnacal mar lárionad adhartha acu. Mhúin na sagairt an Dlí, agus threoraigh na breithiúna an náisiún. Léiríonn an chuid seo den leabhar an bealach a dtéann ár gcinntí agus na rudaí a dhéanann muid i bhfeidhm ar dhaoine eile. Bhí freagracht ar gach duine de na hIosraeilítigh caitheamh go maith le hIehova agus le daoine eile. Cuir béim ar an tionchar a bhí ag Deabórá, Náoimí, Iósua, Hanná, iníon Iaftá agus Samúéil ar a bpobal. Cuir béim freisin, ar na daoine nárbh Iosraeilítigh iad, ach a thaobhaigh leis na hIosraeilítigh faoi go raibh a fhios acu go raibh Dia leo. Ina measc seo bhí, Rácháb, Rút, Iáéil, agus na Gibeónaigh.