Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 37 lth. 90-lth. 91 alt 1
  • Labhraíonn Iehova le Samúéil

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Labhraíonn Iehova le Samúéil
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Déanann Samúéil an Rud Ceart
    Ag Foghlaim Le Chéile Ó Dhia
  • Seirbhís Buachalla do Dhia
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 37 lth. 90-lth. 91 alt 1
Osclaíonn Samúéil doirse an taibearnacail

CEACHT 37

Labhraíonn Iehova le Samúéil

Bhí Hofnaí agus Píneachás, beirt mhac leis an ardsagart Éilí, ag freastal ag an taibearnacal. Ní raibh siad umhal do dhlíthe Iehova agus chaith siad go dona leis na daoine. Nuair a thugadh na hIosraeilítigh íobairtí d’Iehova, choinnídís an fheoil ab fhearr dóibh féin. Chuala Éilí faoi na rudaí a bhí a chlann mhac a dhéanamh ach ní dhearna sé dada faoi. An ligfeadh Iehova cead do rudaí leanúint ar aghaidh mar a bhí?

Cé go raibh Samúéil i bhfad níos óige ná Hofnaí agus Píneachás níor lean sé a gcuid bealaí. Bhí Iehova sásta le Samúéil. Oíche amháin le linn dó a bheith ina chodladh, chuala Samúéil glór ag glaoch air. D’éirigh sé, rith sé go dtí Éilí agus dúirt sé: ‘Tá mé anseo!’ Ach dúirt Éilí leis: ‘Níor ghlaoigh mise ort. Gabh ar ais a chodladh.’ Chuaigh Samúéil ar ais a chodladh. Ansin tharla sé arís. Nuair a chuala Samúéil an glór an tríú huair, thuig Éilí gurbh é Iehova a bhí ag glaoch ar Shamúéil. Dúirt sé le Samúéil dá gcloisfeadh sé an glór arís, a rá: ‘Labhair, a Iehova. Tá do shearbhónta ag éisteacht.’

Insíonn Samúéil d’Éilí an méid a dúirt Iehova leis

Chuaigh Samúéil ar ais a chodladh. Ansin chuala sé: ‘A Shamúéil! A Shamúéil!’ D’fhreagair sé: ‘Labhair, tá do shearbhónta ag éisteacht.’ Dúirt Iehova leis: ‘Abair le hÉilí go bhfuil mé chun pionós a chur air féin agus ar a chlann. Tá a fhios aige go bhfuil a chlann mhac ag déanamh drochrudaí ag an taibearnacal, ach níl sé ag déanamh dada faoi.’ Lá arna mhárach d’oscail Samúéil doirse an taibearnacail mar a dhéanadh sé de ghnáth. Bhí eagla air an rud a dúirt Iehova leis a insint don ardsagart. Ach ghlaoigh Éilí air agus d’fhiafraigh sé: ‘A Shamúéil, a mhic, céard a dúirt Iehova leat? Inis gach rud dom.’ Mar sin, d’inis Samúéil gach rud dó.

De réir mar a chuaigh Samúéil in aois, bhí Iehova leis. Bhí a fhios ag na hIosraeilítigh ó cheann ceann na tíre, gurbh é Samúéil a bhí roghnaithe ag Iehova mar fháidh agus mar bhreitheamh.

“Cuimhnigh ar do chruthaitheoir le linn d’óige.”—Cóheilit 12:1

Ceisteanna: Cén difríocht a bhí idir an chaoi ar iompair Samúéil é féin, agus an chaoi ar iompair Hofnaí agus Píneachás iad féin? Cén teachtaireacht a thug Iehova do Shamúéil?

1 Samúéil 2:12-17, 22-26; 3:1-21; 7:6

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn