Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 44 lth. 108-lth. 109 alt 3
  • Teampall Iehova

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Teampall Iehova
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Tógann Sólamh an Teampall
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • Rialaíonn Solamh le Críonnacht
    An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
  • Sólamh an Rí Críonna
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 44 lth. 108-lth. 109 alt 3
Dónn tine ó Iehova na híobairtí atá ar an altóir

CEACHT 44

Teampall Iehova

Guíonn Rí Solamh

Tar éis do Sholamh tosú ag rialú in Iosrael, d’fhiafraigh Iehova de: ‘Céard atá tú ag iarraidh orm?’ Dúirt Solamh: ‘Tá mé óg agus níl a fhios agam céard atá mé a dhéanamh. Tabhair eagna dom, más é do thoil é, ionas go mbeidh mé in ann aire a thabhairt do do dhaoine.’ Dúirt Iehova: ‘Mar gur iarr tú eagna, beidh tú ar an bhfear is ciallmhara agus is tuisceanaí ar domhan. Chomh maith leis sin tabharfaidh mé saibhreas duit. Agus má bhíonn tú umhal dom, beidh fad saoil agat.’

Thosaigh Solamh ar thógáil an teampaill. D’úsáid sé togha an óir, an airgid, an adhmaid agus na gcloch. D’oibrigh na mílte fear agus bean oilte ar an teampall. Tar éis seacht mbliana, chruinnigh na hIosraeilítigh le chéile chun an teampall a thiomnú d’Iehova. Bhí ofrálacha ar an altóir acu. Chuaigh Solamh ar a ghlúine os comhair na haltóra agus ghuigh sé: ‘A Iehova, níl an teampall seo sách mór ná sách breá duitse, ach más é do thoil é, glac lenár n-adhradh agus éist lenár nguí.’ Céard a cheap Iehova den teampall agus de phaidir Sholaimh? Chomh luath agus a chríochnaigh Solamh a phaidir, tháinig tine anuas as an spéir agus dhóigh sí na hofrálacha a bhí ar an altóir. Bhí Iehova sásta leis an teampall. Nuair a chonaic na hIosraeilítigh é seo bhí an-ríméad orthu.

Fire from Jehovah consumes the offering on the altar

Bhí cáil ar Sholamh in Iosrael agus i bhfad i gcéin de bharr a chuid eagna. Tháinig daoine go dtí Solamh chun cúnamh a fháil lena gcuid fadhbanna. Tháinig an bhanríon Seabá í féin chun é a thástáil le ceisteanna deacra. Nuair a chuala sí an méid a bhí le rá aige dúirt sí: ‘Níor chreid mé leath an méid a chuala mé fút, ach anois tá a fhios agam go bhfuil tú níos ciallmhaire agus níos tuisceanaí ná mar a dúradh. Tá beannacht do Dhia, Iehova, ort.’ Bhí an saol go maith in Iosrael ag an am sin. Ach bhí rudaí ar tí athrú.

“Tá anseo neach is mó ná Solamh.”—Matha 12:42

Ceisteanna: Cén fáth ar thug Iehova eagna speisialta do Sholamh? Cén chaoi ar léirigh Iehova go raibh sé sásta leis an teampall?

1 Ríthe 2:12; 3:4-28; 5:9–32 (4:29–5:18 i mBíoblaí eile); 6:37, 38; 7:15–8:66; 10:1-13; 2 Croinicí 7:1; 9:22

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn