SCÉAL 34
Bia Nua
CÉARD atá na daoine a phiocadh den talamh? Tá sé cosúil le sioc. Tá sé bán agus tá sé tanaí calógach. Ach nísioc atá ann; is rud le n-ithe atá ann.
Níl sé ach mí ó d’fhág na hIosraelítigh an Éigipt. Tá siad sa bhfásach. Ní fhásann mórán bia anseo agus tá na daoine ag casaoid agus ag rá: ‘Faraoir nár mharaigh Iehobhah ins an Éigipt muid. Ar a laghad bhí ár ndóthain bia ansin againn.’
Mar sin deireann Iehobhah: ‘Tá mé chun bia a dhóirteadh anuas ón spéir chugaibh.’ Agus seo é a dhéanann Iehobhah. Maidin la arna mhárach, nuair a fheiceann na hIosraelítigh an stuf bán seo ar an talamh fiafraíonn siad dá chéile: ‘Céard é féin?’
Deireann Maois: ‘Seo á an bia atá tugtha ag Iehobhah díbh le n-ithe.’ Tugann na daoine MANNA air. Tá blas cácaí tanaí déanta de mhil air.
Tá sibh chun an méid is féidir le gach duine a ithe a phiocadh suas,’ a deireann Maois. Déantar é seo gach maidin. Ansin nuair a théann an ghrian leánn an manna atá fágtha ar an talamh.
Deireann Maois: ‘Ná sábhálaigí aon chuid den manna go dtí an chéad lá eile.’ Ach ní éisteann cuid de na daoine. An bhfuil fhios agat céard a thárlaíonn? An mhaidin dár gcionn tá an manna a shábhálann siad lán le péiste agus tá sé bréan!
Ach deireann Iehobhah leis na daoine a dhá oiread manna a bhailiú lá áirithe den tseachtain. Seo é an séú lá. Agus deireann Iehobhah cuid de a shábháil le haghaidh an lá dár gcionn, mar ní bhéidh aon bhlas dó ann ar an seachtú lá. Nuair a shábhálann siad an manna go dtí an seachtú lá, ní bhíonn sé lán le péiste agus ní bhíonn sá bréan! Is míorúilt eile é seo!
Beathaíonn Iehobhah na hIosraelítigh le manna ar feadh na mblianta a bhíonn siad sa bhfásach.