SCÉAL 35
Tugainn Iehobhah a Dhlíthe
DHÁ mhí tar éis an Éigipt a fhágáil, tagann na hIosraelítigh go dtí Sliabh Shíonái. Tugtar Hóreb ar an áit seo freisin. Seo é an áit ar labhair Iehobhah le Maois ón dtor a bhí tré thine. Campáileann na daoine anseo ar feadh tamaill.
Leis na daoine ag fanacht thíos, téann Maois suas an sliabh. Thuas ansin ar bharr an tsléibhe, deireann Iehobhah le Maois go dteastaíonn uaidh go mbeadh na hIosraelítigh umhal dó agus go mbeadh siad mar phobal speisialta aige. Nuair a thagann Maois anuas, insíonn sé do na daoine gach a ndúirt Iehobhah. Deireann na daoine go mbéidh siad umhal do Iehobhah mar go dteastaíonn uathu a bheith mar phobal aige.
Anois déanann Iehobhah rud aisteach. Cuireann sé deatach ar bharr an tsléibhe agus déanann sé tóirneach ghlórach. Labhraíonn sé leis na daoine freisin: ‘Is mise Iehobhah bhur nDia a thóg amach as an Éigipt sibh.’ Ansin d’ordaigh sé: ‘Ná adhraigí déithe ar bith eile ach mise.’
Tugann Dia naoi n-aithne, nó dlíthe eile do na hIosraelítigh. Deireann na daoine le Maois: ‘Labhair tusa linn, mar tá eagla orainn má labhraíonn Dia linn go bhfaighfidh muid bás.
Níos deireanaí deireann Iehobhah le Maois: ‘Tar aníos an sliabh chugam. Tabharfaidh mé dhá leac duit ar a bhfuil scríofa agam na dlíthe a chaithfidh na daoine a choinneáil.’ Mar sin téann Maois suas an sliabh arís. Fanann sé ansin 40 lá agus oíche.
Tá go leor dlíthe ag Dia dá phobal. Scríobhann Maois síos na dlíthe seo. Tugann Dia an Dá leac do Mhaois freisin. Orthu seo tá scríofa ag Dia na deich ndlíthe a labhair sé leis na daoine ar fad. Na Deich nAitheanta a tugtar orthu.
Tá na Deich nAitheanta ina ndlíthe tabhachtacha, mar atá na dlíthe eile a thugann Dia do na hIosraelítigh. Ceann de na dlíthe seo is ea: ‘Gráigh Iehobhah do Dhia le do chroí go hiomlán, le t-intinn go hiomlán, le t-anam go hiomlán agus le do neart go hiomlán.’ Ceann eile is ea: ‘Gráigh do chomharsa mar thú féin.’ Dúirt Iosa Críost, Mac Dé, gurbh iad seo an dá phríomh aithne a thug Iehobhah dá phobal Iosrael. Níos deireanaí foghlaimeoimid alán rudaí faoi Mhac Dé agus a chuid teagasc.