Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • bm cuid 14 lth. 17
  • Labhraíonn Dia Tríd a Chuid Fáithe

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Labhraíonn Dia Tríd a Chuid Fáithe
  • An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Faigheann Fáidh i nDeoraíocht Léargas ar an Todhchaí
    An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
  • Tagann an Meisias
    An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
  • An gCruthaíonn Tairngreachtaí Gurbh é Íosa an Meisias?
    Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
  • Dea-Ríthe Agus Drochríthe
    An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
bm cuid 14 lth. 17
Tugann duine d’fháithe Dé teachtaireacht

CUID 14

Labhraíonn Dia Trína Chuid Fáithe

Ceapann Iehova fáithe chun teachtaireachtaí a thabhairt maidir le breithiúnas, fíoradhradh, agus an dóchas Meisiasach

LE LINN ré ríthe Iosrael agus Iúdá, tháinig grúpa ar leith fir chun cinn—na fáithe. Bhí creideamh agus misneach thar na bearta ag na fir seo a chraobhscaoil teachtaireachtaí Dé. Féach ar cheithre théama tábhachtach a ndearna fáithe Dé forbairt orthu.

1. Scrios Iarúsailéim. I bhfad roimh ré, d’fhógair fáithe Dé, Íseáia agus Irimia go háirithe, go scriosfaí agus go dtréigfí Iarúsailéim. I dtuairisc bhríomhar, léirigh siad cúis feirge Iehova i leith na cathrach. Cé go raibh Iarúsailéim ag maíomh go raibh sí ag feidhmiú thar cheann Iehova, bhréagnaigh sí í féin lena cleachtais reiligiúnacha bréige, caimiléireacht agus foréigin.—2 Ríthe 21:10-15; Íseáia 3:1-8, 16-26; Irimia 2:1–3:13.

2. Fíoradhradh faoi réim arís. Tar éis 70 bliain ar deoraíocht sa Bhablóin ligfí saor pobal Dé. D’fhillfidís ar a dtír dhúchais, a bhí bánaithe, agus thógfaidís as an nua teampall Iehova in Iarúsailéim. (Irimia 46:27; Amós 9:13-15) Thart ar 200 bliain roimh ré, thuar Íseáia ainm an té a chloífeadh an Bhablóin agus a thabharfadh deis do phobal Dé an fíoradhradh a chur faoi réim arís—ba é sin Cíoras. Go deimhin, thug Íseáia mionchuntas cruinn ar an straitéis cogaidh shainiúil a bhí ag Cíoras.—Íseáia 44:24–45:3.

Fágann deoraithe Giúdacha an Bhablóin agus filleann siad ar Iarúsailéim

3. Teacht an Mheisias. Shaolófaí an Meisias i mbaile Bheithil. (Míocá 5:1) Is duine umhal a bheadh ann, chuirfeadh sé i láthair é féin in Iarúsailéim ag marcaíocht ar asal. (Zacairia 9:9) Cé go mbeadh sé cineálta agus mánla, ní bheadh aon ghean air agus ní ghlacfadh mórán leis. (Íseáia 42:1-3; 53:1, 3) D’fhulaingeodh sé bás cruálach. An mbeadh deireadh go deo leis ansin? Ní bheadh, mar de bharr a íobartha bhí sé i gceist go dtabharfaí an deis do mhórán daoine maithiúnas a fháil óna bpeacaí. (Íseáia 53:4, 5, 9-12) Is trína aiséirí amháin a bhainfí amach é sin.

4. An Meisias ag rialú na talún. I ndáiríre, níl daoine neamhfhoirfe in ann iad féin a rialú go síochánta, ach thabharfaí Prionsa na Síochána ar an Rí Meisiasach. (Íseáia 9:5, 6 [9:6, 7 i mBíoblaí eile]; Irimia 10:23) Faoina riail, bheadh an cine daonna ar fad síochánta lena chéile agus le hainmhithe an nádúir freisin. (Íseáia 11:3-7) Ní bheadh tinneas ann níos mó. (Íseáia 33:24) Chuirfí an bás féin ar ceal go deo. (Íseáia 25:8) Le linn réimeas an Mheisias, thabharfaí aiséirí do na mairbh le go mairfidís ar an talamh.—Dainéil 12:13.

—Bunaithe ar na leabhair Íseáia, Irimia, Dainéil, Amós, Míocá, agus Zacairia.

  • Cén cineál teachtaireachtaí a tháinig ó fháithe Dé?

  • Cén chaoi ar thuar na fáithe scrios agus atógáil Iarúsailéim?

  • Céard a dúirt fáithe Iehova faoin Meisias agus na heachtraí a bhainfeadh dó?

  • Cén cur síos a rinne na fáithe ar an gcaoi a rialóidh an Meisias an talamh?

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn