Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • bm cuid 13 lth. 16
  • Dea-Ríthe Agus Drochríthe

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Dea-Ríthe Agus Drochríthe
  • An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Bhí Iehova Foighneach le hIóna
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Iona Agus an Breac Mór
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
bm cuid 13 lth. 16
Rí óg Iosraeilíteach

CUID 13

Dea-Ríthe Agus Drochríthe

Tá Iosrael roinnte. In imeacht na mblianta rialaíonn go leor ríthe na hIosraeilítigh, agus tá a bhformhór mídhílis do Dhia. Scriosann na Bablónaigh Iarúsailéim

MAR a bhí tuartha ag Iehova, roinneadh Iosrael nuair a thréig Solamh an fíoradhradh. Bhí a mhac Rachabám, a tháinig mar chomharba air, cruálach. Mar thoradh ar seo, d’éirigh deich gcinn de threibheanna Iosrael amach ina aghaidh agus bhunaigh said ríocht Iosrael sa tuaisceart. D’fhan dhá threibh dílis don rí a bhí i gcathaoir ríoga Dháiví in Iarúsailéim agus bhunaigh siad ríocht Iúdá sa deisceart.

Bhí stair chorrach ag an dá ríocht, de bharr ríthe a bhí mídhílis agus easumhal. Ba mheasa an scéal ag Iosrael ná ag Iúdá, sa mhéid is go raibh a chuid ríthe ag cur adhradh bréige chun cinn ón tús. D’ainneoin saothair chumhachtacha fáithe ar nós Éilias agus Eilíseá—thóg an bheirt acu daoine ón mbás fiú—bhí Iosrael go síoraí ag filleadh ar a dhrochbhealaí. Faoi dheireadh, cheadaigh Iehova d’Aisiria ríocht an tuaiscirt a scriosadh.

Mhair Iúdá beagán os cionn céad bliain níos faide ná Iosrael, ach bhí pionós ó Dhia i ndán dóibhsean freisin. Is fíor bheagán de ríthe Iúdá a thug aird ar an bhfainic a chuir fáithe Iehova orthu agus a rinne iarracht an náisiún a threorú ar ais chuig Iehova. Ar dhuine den bheagán sin bhí Rí Ióisíá, a thosaigh ar ghlanadh an adhartha bréige as Iúdá agus a rinne athchóiriú ar theampall Iehova. Nuair a haimsíodh bunchóip de Dhlí Dé, a tugadh trí Mhaois, spreag sé seo Ióisíá agus chuir sé dlús lena fheachtas leasuithe.

Faraor, níor lean comharbaí Ióisíá a dhea-shampla. Dá réir sin, cheadaigh Iehova do náisiún na Bablóine Iúdá a ghabháil, agus Iarúsailéim agus an teampall a scriosadh. Tugadh ar deoraíocht chun na Bablóine an dream a tháinig slán. Thuar Iehova go mairfeadh an deoraíocht 70 bliain. Fágadh Iúdá bánaithe ar feadh an ama sin—go dtí, mar a gealladh, gur ceadaíodh don náisiún filleadh ar a fhód dúchais.

Mar sin féin, ní rialódh aon rí eile de shliocht Dháiví go dtí réimeas an Fhuascailteora a bhí geallta, an Meisias. Chruthaigh formhór na ríthe a shuigh ar chathaoir ríoga Dháiví in Iarúsailéim, nach bhfuil daoine neamhfhoirfe cáilithe le rialú. Is é an Meisias amháin a bheadh cáilithe i gceart. Dá bhrí sin, dúirt Iehova leis an rí deireanach de shliocht Dháiví: “Bainfear díot an choróin. . . . Ní fhanfaidh an lorg is lú di nó go dtiocfaidh an fear ceart; is dósan a thabharfaidh mé í.”—Eizicéil 21:31, 32.

—Bunaithe ar 1 Ríthe; 2 Ríthe; 2 Croinicí caibidil 10 go 36; Irimia 25:8-11.

  • Cén chaoi ar tharla sé gur roinneadh Iosrael, agus cén chaoi ar éirigh leis an dá ríocht a bhí dá bharr?

  • Céard a tharla don líne ríthe a tháinig trí shliocht Dháiví, agus cén fáth?

  • Céard a fhoghlaimímid faoi Iehova ó scéal Ióna? (Féach bosca)

IÓNA

Le linn don ríocht a bheith roinnte, chuir Dia de chúram ar Ióna fógra a chraobhscaoileadh i measc na ndaoine a bhí ina gcónaí sa chathair fhoréigneach, i bhfad i gcéin, Nínivé. Ina ionad sin, chuaigh Ióna ar bord loinge a bhí ag dul sa treo eile. Tharla míorúilt mar thoradh ar sin—shocraigh Dia go slogadh iasc ollmhór Ióna. Ghuigh Ióna i mbolg an éisc chuig Iehova, agus chuir Iehova faoi ndeara don iasc é a chaitheamh amach ar thalamh tirim. Ansin chomhlíon Ióna an cúram a bhí leagtha air.

Tar éis do Dhia an ceacht sin faoi umhlaíocht a mhúineadh do Ióna, d’éirigh fadhb eile: chraobhscaoil Ióna an fógra do mhuintir Nínivé, ach bhí sé an-mhíshásta faoi go raibh Dia trócaireach agus gur ghlac sé trua dóibh, trí gan pionós a chuir orthu, ós rud é go raibh aithrí déanta acu. Léigh an leabhar tairngreachta seo chun go bhfeicfidh tú an chaoi ar úsáid Dia an dara míorúilt chun múineadh do Ióna le bheith níos trócairí.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn