Ceacht 1
An Bealach gur Féidir Leatsa Eolas a Fháil ar an Rud Atá Dia a Iarraidh
Cén t-eolas tábhachtach atá sa Bhíobla? (1)
Cé hé údar an Bhíobla? (2)
Cén fáth ar cheart duitse staidéar a dhéanamh ar an mBíobla? (3)
1. Is bronntanas luachmhar ó Dhia an Bíobla. Is ionann é agus litir ó athair grámhar chuig a chlann. Insíonn sé an fhírinne dúinn faoi Dhia—cé hé féin agus cé dó a seasann sé. Taispeánann sé an chaoi le aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí agus le fíorshonas a bhaint amach. An Bíobla amháin a insíonn dúinn céard atá le déanamh againn le Dia a shásamh.—Salm 1:1-3; Íseáia 48:17, 18.
2. Bhí páirt ag tuairim agus 40 fear éagsúil i scríobh an Bhíobla thar thréimhse 1,600 bliain, ag tosú i 1513 R.R.C. (roimh an Ré Choitianta). Is bailiúchán é de 66 leabhar beag. Is é Dia a spreag scríbhneoirí an Bhíobla. Is iad smaointe Dé a scríobhadar, ní a smaointe féin. Mar sin is é Dia ar neamh agus ní éinne ar talamh, Údar an Bhíobla.—2 Tiomóid 3:16, 17; 2 Peadar 1:20, 21.
3. Chinntigh Dia gur cóipeáladh an Bíobla go cruinn agus gur caomhnaíodh é. Priontáladh níos mó cóipeanna den Bhíobla ná d’aon leabhar eile. Ní hé gach duine a bheidh sásta tú a fheiceáil ag staidéar an Bhíobla, ach ná stopadh sé sin tú. Má tá an tsíoraíocht le bheith i ndán duit, is leatsa eolas a chur ar Dhia agus a thoil a dhéanamh d’ainneoin aon chur i do choinne.—Matha 5:10-12; Eoin 17:3.