Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lff ceacht 5
  • An Bíobla—Teachtaireacht Dé Dúinne

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla—Teachtaireacht Dé Dúinne
  • Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • Fotheidil
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • DÉAN TAIGHDE
  • ACHOIMRE
  • FIOSRAIGH
  • An ó Dhia an Dea-Scéala?
    Dea-scéala Ó Dhia!
  • An Bealach gur Féidir Leatsa Eolas a Fháil ar an Rud Atá Dia a Iarraidh
    Céard Atá Dia a Iarraidh Orainne?
  • Cén Chaoi ar Féidir Leis an mBíobla Cabhrú Leatsa?
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • Cén Chaoi ar Féidir Leis an mBíobla Cabhrú Leatsa?
    Mair Go Sona Go Deo!—Réamhcheachtanna Bíobla
Tuilleadh
Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
lff ceacht 5
Ceacht 5. Fear ag léamh an Bhíobla ar an mbus.

CEACHT 05

An Bíobla​—Teachtaireacht Dé Dúinne

Eagrán Priontáilte
Eagrán Priontáilte
Eagrán Priontáilte

Thug Iehova bronntanas iontach dúinn​—66 imleabhar in aon leabhar amháin, an Bíobla. Ach, cá as ar tháinig an Bíobla? Cé hé údar an Bhíobla? Chun na ceisteanna seo a fhreagairt, déanamh muid plé ar an gcaoi ar tháinig teachtaireacht Dé chugainn.

1. Má scríobh fir an Bíobla, cén chaoi a bhféadfadh sé gur leabhar ó Dhia é?

Scríobh thart ar 40 scríbhneoir an Bíobla in imeacht 1,600 bliain, ó 1513 RCR go dtí thart ar 98 CR. Bhí cúlraí difriúla ag na scríbhneoirí seo. Mar sin féin, tá leabhair an Bhíobla ar aon fhocal. Cén chaoi ar tharla sé sin? Tharla sé mar gurb é Dia Údar an Bhíobla. (Léigh 1 Teasalónaigh 2:​13.) Níorbh iad a gcuid tuairimí féin a scríobh siad. Deir an Bíobla “labhair daoine ó Dhia agus iad faoi luí an Spioraid Naoimh.”a (2 Peadar 1:​21) Scríobh siad síos smaointe Dé faoi thionchar a spioraid.​—2 Tiomóid 3:​16.

2. Cé aige a bhfuil fáil ar an mBíobla?

Is féidir le “gach cine, agus treibh agus teanga agus pobal” leas a bhaint as an dea-scéala atá le fáil sa mBíobla. (Léigh Apacailipsis 14:6.) Rinne Dia cinnte go mbeadh an Bíobla ar fáil i níos mó teangacha ná mar a bheadh aon leabhar eile i stair an duine. Tá fáil ag beagnach gach duine ar an mBíobla. Tá sé seo fíor is cuma cá gcónaíonn duine nó cén teanga a labhraíonn sé.

3. Cén chaoi ar chaomhnaigh Iehova an Bíobla?

Scríobhadh an Bíobla ar ábhair nach raibh aon teacht aniar iontu, mar shampla leathar agus paipír. Ach chóipeáil agus athchóipeáil fir a raibh grá acu don Bhíobla é go cúramach le láimh. Cé go ndearna daoine cumhachtacha iarracht an Bíobla a scrios, bhí daoine eile sásta a mbeatha a chur i mbaol chun é a chosaint. Níor lig Iehova d’aon duine nó d’aon rud cosc a chur ar a chumarsáid linn. Deir an Bíobla: “Seasann briathar ár nDé go deo.”​—Íseáia 40:8.

DÉAN TAIGHDE

Faigh amach tuilleadh faoin mbealach ar spreag Dia fir chun an Bíobla a scríobh, an bealach ar chaomhnaigh Sé é agus an bealach ar chuir Sé ar fáil don chine daonna é.

4. Cuirtear Údar an Bhíobla in aithne dúinn

Seinn an FÍSEÁN. Ansin léigh 2 Tiomóid 3:​16, agus pléigh na ceisteanna a leanann.

FÍSEÁN: Cé hÉ Údar an Bhíobla?​—Blaisín (2:​48)

  • Má scríobh fir an Bíobla, cén fáth a dtugtar Briathar Dé air?

  • An gceapann tú go bhfuil sé réasúnach a chreidiúint go bhféadfadh Dia cuir ar scríbhneoirí daonna a chuid smaointe a scríobh síos?

Fostóir ag deachtú a chuid smaointe do rúnaí, agus an rúnaí ag clóscríobh na smaointe sin i litir.

Is féidir le rúnaí litir a scríobh, ach tagann an teachtaireacht atá sa litir ón duine a dheachtaíonn í. Mar an gcéanna, scríobh daoine an Bíobla, ach is ó Dhia a tháinig a theachtaireacht

5. Tháinig an Bíobla slán ó ionsaí

Más leabhar ó Dhia í an Bíobla, bheifí ag súil go gcoinneodh Sé slán í. Bhí cuid mhaith fir chumhachtacha i stair an duine a rinne iarracht an Bíobla a scriosadh. Tá iarracht déanta ag ceannairí reiligiúnacha an Bíobla a chur i bhfolach. Ach in ainneoin cur ina n-aghaidh agus bagairt an bháis, chuir a lán daoine a mbeatha i mbaol chun an Bíobla a chosaint. Chun tuilleadh a fháil amach faoi fhear a sheas an fód, seinn an FÍSEÁN, agus ansin pléigh na ceisteanna a leanann.

FÍSEÁN: They Valued the Bible​—Excerpt (William Tyndale) (6:​17)

  • Nach gcuireann sé fonn ort an Bíobla a léamh nuair atá a fhios agat go ndearnadh an oiread sin chun é a chaomhnú? Cén fáth?

Léigh Salm 119:​97, agus ansin pléigh an cheist a leanann:

  • Céard a spreag go leor daoine lena mbeatha a chur i mbaol chun an Bíobla a aistriú agus a dháileadh?

6. Leabhar do gach duine

Is é an Bíobla an leabhar is mó a haistríodh agus a bhfuil dáileadh déanta air i stair an duine. Léigh Gníomhartha 10:​34, 35, agus pléigh na ceisteanna a leanann:

  • Cén fáth a bhfuil Dia ag iarraidh go ndéanfaí a Bhriathar a aistriú agus a dháileadh go forleathan?

  • Céard a thaitníonn leat faoin mBíobla?

Daoine ó chiníocha éagsúla agus as gach tír ag léamh an Bhíobla ina dteanga féin.

Tá fáil ag beagnach

100%

de dhaonra an domhain

ar an mBíobla i dteanga a thuigeann siad

Ar fáil i mbreis agus

3,000

teanga

ina iomláine nó i gcodanna

5,000,000,000

Sin an méid cóipeanna a mheastar a táirgeadh,

i bhfad níos mó ná aon leabhar eile

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Níl sa mBíobla ach seanleabhar a scríobh daoine.”

  • Céard a cheapann tusa?

  • Cén fhianaise a thugann le fios gur leabhar ó Dhia í an Bíobla?

ACHOIMRE

Rinne Dia cinnte go mbeadh fáil ag gach duine ar a Bhriathar, an Bíobla.

Súil Siar

  • Céard a chiallaíonn sé nuair a deir muid gur spreag Dia fir chun an Bíobla a scríobh?

  • Céard a chuireann caomhnú, aistriúchán agus dáileadh an Bhíobla ar do shúile duit?

  • Cén chaoi a ndeachaigh na hiarrachtaí go léir a rinne Dia chun cumarsáid a dhéanamh leatsa i bhfeidhm ort?

Sprioc

FIOSRAIGH

Léigh faoi stair an Bhíobla​—sna lámhscríbhinní ársa agus sna haistriúcháin nua-aimseartha.

“How the Bible Came to Us” (Awake!, Samhain 2007)

Faigh amach faoin mbealach ar tháinig an Bíobla slán ó thrí iarracht a rinneadh ar é a scriosadh.

“The Bible​—A Story of Survival” (The Watchtower Uimh. 4 2016)

Féach mar a chuir daoine a gcuid sábháilteachta i mbaol chun an Bíobla a aistriú.

They Valued the Bible (14:26)

Cóipeáladh an Bíobla agus aistríodh é go minic. Cén chaoi ar féidir leat a bheith cinnte nár hathraíodh teachtaireacht Dé?

“Ar Athraíodh an Bíobla?” (Alt ar líne)

a Míneofar i gCeacht 07, gurb é an spiorad naomh fórsa gníomhach Dé.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn