Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • fg ceacht 3 ceisteanna 1-4
  • An ó Dhia an Dea-Scéala?

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An ó Dhia an Dea-Scéala?
  • Dea-scéala Ó Dhia!
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • An Bíobla—Teachtaireacht Dé Dúinne
    Mair Go Sona Go Deo!—Cúrsa Idirghníomhach ar an mBíobla
  • An Bíobla—Leabhar Ó Dhia
    Céard Go Díreach a Mhúineann An Bíobla?
  • An Bealach gur Féidir Leatsa Eolas a Fháil ar an Rud Atá Dia a Iarraidh
    Céard Atá Dia a Iarraidh Orainne?
  • Céard é an Bíobla?
    Ceisteanna a Fhreagraítear sa mBíobla
Dea-scéala Ó Dhia!
fg ceacht 3 ceisteanna 1-4

Ceacht 3

An ó Dhia an Dea-Scéala?

1. Cé hé Údar an Bhíobla?

Cóipeanna éagsúla den Bhíobla agus scríbhinní ársa an Bhíobla

Tá an dea-scéala go mairfidh daoine go deo ar an talamh scríofa sa Bhíobla. (Salm 37:29) Tá 66 leabhar sa Bhíobla ar fad. D’úsáid Dia tuairim is 40 fear dílis chun iad a scríobh. Scríobh Maois na chéad chúig leabhar os cionn 3,500 bliain ó shin. Scríobh an tAspal Eoin an leabhar deiridh os cionn 1,900 bliain ó shin. Cé as ar tháinig na smaointe atá scríofa sa Bhíobla? Tríd an spiorad naomh rinne Dia cumarsáid le scríbhneoirí an Bhíobla. (2 Samúéil 23:2) Is iad smaointe Dé a scríobh siad agus ní a smaointe féin. Mar sin is é Iehova Údar an Bhíobla.​—Léigh 2 Tiomóid 3:16; 2 Peadar 1:20, 21.

Féach ar an bhfíseán Cé hé Údar an Bhíobla?

2. Cén chaoi ar féidir linn a bheith cinnte go bhfuil an Bíobla fírinneach?

Ceann de na rudaí a chruthaíonn gurb ó Dhia a tháinig an Bíobla ná go ndéanann sé réamhinsint chruinn ar an todhchaí. Ní féidir le haon duine daonna é sin a dhéanamh. (Iósua 23:14) Níl ach Dia Uilechumhachtach ábalta todhchaí an duine a réamhinsint go cruinn.​—Léigh Íseáia 42:9; 46:10.

Bheifeá ag súil go mbeadh leabhar ó Dhia eisceachtúil, agus tá. Tá na billiúin cóip den Bhíobla dáilte sna céadta teanga. Cé gur leabhar ársa é, aontaíonn an Bíobla le heolaíocht chruthaithe. Chomh maith le sin, bhí an 40 scríbhneoir ar aon fhocal.a Tá lorg ghrá Dé go follasach sa Bhíobla agus inniu féin tá an chumhacht aige daoine a chur ar bhealach a leasa. Seo cuid de na cúiseanna go gcreideann na milliúin gurb é an Bíobla Briathar Dé.—Léigh 1 Teasalónaigh 2:13.

Féach ar an bhfíseán Cén chaoi ar féidir linn a bheith cinnte go bhfuil an Bíobla fírinneach?

3. Céard atá sa Bhíobla?

Pictiúirí: an chéad Parthas, ag fágáil Parthas, an Díle in aimsir Naoi, Maois leis na 10 nAitheanta, agus Íosa ag múineadh.

Tá béim sa Bhíobla ar an dea-scéala go bhfuil cuspóir grámhar ag Dia don chine daonna. Míníonn na Scrioptúir gur cailleadh an deis maireachtáil i bparthas ar thalamh go luath i stair an duine. Mínítear freisin an chaoi a ndéanfar parthas den talamh arís.​—Léigh Apacailipsis 21:4, 5.

Tá dlíthe, prionsabail agus comhairle le fáil i mBriathar Dé. Chomh maith leis sin, déanann an Bíobla cur síos ar an gcaoi ar dhéileáil Dia leis an gcine daonna—stair a thugann léargas ar phearsantacht Dé. Mar sin cabhraíonn an Bíobla leat aithne a chur ar Dhia. Míníonn sé duit gur féidir leat a bheith mar chara aige.​—Léigh Salm 19:8, 12; Séamas 2:23; 4:8.

4. Cén chaoi ar féidir leat an Bíobla a thuiscint?

Úsáideann an bróisiúr seo an modh céanna a d’úsáid Íosa le tuiscint a thabhairt duit ar an mBíobla. Rinne Íosa tagairt do théacsanna ón mBíobla arís agus arís eile agus “mhínigh sé na nithe a bhí sna scrioptúir uile.”​—Léigh Lúcás 24:27, 45.

Níl aon rud níos iontaí ná an dea-scéala ó Dhia. In ainneoin sin, déanann daoine áirithe neamhshuim de agus ní mó ná go dtaitníonn sé le daoine eile. Ná bíodh lagmhisneach ort. Braitheann an dóchas atá agat maireachtáil go deo ar an aithne a chuireann tú ar Dhia.​—Léigh Eoin 17:3.

Le haghaidh breis eolais, féach ar chaibidil 2 den leabhar Céard go Díreach a Mhúineann an Bíobla?

a Féach ar an mbróisiúr A Book for All People.

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn