CUID 17
Múineann Íosa Faoi Ríocht Dé
Múineann Íosa go leor rudaí dá dheisceabail, ach níl ach téama amháin aige—Ríocht Dé
CÉN cuspóir a chuir Íosa roimhe ar an talamh? Dúirt sé féin: “Ní foláir dom dea-scéal ríocht Dé a fhógairt do na cathracha eile, óir is chuige sin a cuireadh amach mé.” (Lúcás 4:43) Bhí an ríocht mar théama lárnach i gcraobhscaoileadh Íosa. Féach ar cheithre ghné den ríocht sin.
1. Ainmníodh Íosa mar Rí. Dúirt Íosa féin gurbh eisean an Meisias a bhí tuartha. (Eoin 4:25, 26) Léirigh sé freisin gurbh é féin an Rí a chonaic an fáidh Dainéil i bhfís. Dúirt Íosa lena chuid aspal go dtiocfadh an t-am a suífeadh sé ar “ríchathaoir a ghlóire” agus go suífeadh siadsan freisin ar ríchathaoireacha. (Matha 19:28) A ‘thréad beag,’ a thug sé ar an ngrúpa rialtóirí seo agus dúirt sé go raibh “caoirigh eile” aige nach raibh den ghrúpa seo.—Lúcás 12:32; Eoin 10:16.
2. Spreagfadh Ríocht Dé ceart agus cóir. Thug Íosa le fios go gcuirfeadh Ríocht Dé deireadh leis an éagóir ba mhó riamh, trí ainm Dé Iehova a naomhú, sé sin, an truailliú atá déanta ar ainm Dé ag Sátan ó tharla an t-éirí amach in Éidin a ghlanadh de. (Matha 6:9, 10) Léirigh Íosa neamhchlaontacht go laethúil nuair a mhúin sé fir agus mná, saibhir agus daibhir, gan aon idirdhealú a dhéanamh eatarthu. Cé gurbh í an phríomhaidhm a bhí aige na hIosraeilítigh a mhúineadh, chuidigh sé freisin leis na Samáraigh agus na Gintlithe, nó dream nár Ghiúdaigh iad. Ní fearacht ceannairí reiligiúnacha a linne, níor léirigh Íosa aon rian den fhabhraíocht.
3. Ní bheadh Ríocht Dé ina chuid den saol seo. Mhair Íosa le linn am corrach. Bhí a thír dhúchais faoi smacht ag cumhacht iasachta. Mar sin féin, nuair a bhí daoine ag iarraidh air a bheith páirteach i gcúrsaí polaitíochta a linne, dhiúltaigh sé dóibh. (Eoin 6:14, 15) Dúirt sé le polaiteoir amháin: “Ní den saol seo mo ríocht.” (Eoin 18:36) Dúirt sé lena lucht leanúna: ‘ní den saol sibh.’ (Eoin 15:19) Ní cheadódh sé dóibh uirlisí troda a úsáid, fiú chun é féin a chosaint.—Matha 26:51, 52.
“Thaistil sé cathracha agus bailte ag seanmóir agus ag fógairt dea-scéal ríocht Dé.”—Lúcás 8:1
4. Bheadh rialú Chríost bunaithe ar an ngrá. Gheall Íosa go dtabharfadh sé faoiseamh do dhaoine agus go ndéanfadh sé a n-ualach éadrom. (Matha 11:28-30) Bhí sé dílis dá fhocal. Thug sé comhairle ghrámhar, phraiticiúil ar bhealaí le himní a mhaolú, muintearas a chothú, ábharachas a smachtú, agus sonas a aimsiú. (Matha, caibidil 5-7) Ós rud é go raibh sé grámhar, bhí sé éasca ag gach sórt duine teanntás a dhéanamh air. Fiú an dream a bhí faoi leatrom, tháinig siad chuige agus iad muiníneach go gcaithfeadh sé go cineálta, ómósach leo. Nach iontach an rialtóir a dhéanfaidh Íosa!
Mhúin Íosa faoi Ríocht Dé ar bhealach fíorchumhachtach eile. Rinne sé go leor míorúiltí. Cén fáth a ndearna sé amhlaidh? Feicfimid.