- 
	                        
            
            Cén Chaoi a bhFreastalaíonn na Seanóirí ar an bPobal?Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
- 
                            - 
                                        CEACHT 15 Cén Chaoi a bhFreastalaíonn na Seanóirí ar an bPobal?An Fhionlainn Ag Múineadh Ag Aoireacht Ag Craobhscaoileadh Níl aon chléir ar thuarastal againn inár n-eagraíocht. Ina ionad sin, ceaptar seanóirí cáilithe chun aoireacht a dhéanamh ar thréad Dé, faoi mar a ceapadh nuair a bunaíodh an pobal Críostaí ar dtús. (Gníomhartha 20:28) Is fir a bhfuil cáilíochtaí spioradálta acu iad na seanóirí. Tugann siad ceannaireacht i ghnóthaí an phobail agus déanann siad aoireacht, ní “le foréigean ach le fonn, mar is toil le Dia, ná le dúil tháir san airgead ach le dúthracht.” (1 Peadar 5:1-3) Cén obair a dhéanann siad ar ár son? Tugann siad aire dúinn agus coinníonn siad súil orainn. Tugann na seanóirí treoir agus cabhair chun an pobal a chosaint go spioradálta. Tuigeann siad gurb é Dia a chuireann an cúram seo orthu, agus dá bhrí sin ní chuireann siad a dhaoine faoi chois, ach oibríonn siad ar son ár leasa. (2 Corantaigh 1:24) Cosúil leis an aoire a thugann aire go díograiseach do gach caora dá bhfuil aige, déanann na seanóirí a ndícheall aithne phearsanta a chur ar gach ball den phobal.—Seanfhocail 27:23. Múineann siad dúinn le toil Dé a dhéanamh. Stiúrann na seanóirí cruinnithe an phobail gach seachtain chun ár gcreideamh a neartú. (Gníomhartha 15:32) Chomh maith leis sin tugann na fir dhílse seo ceannaireacht i gcraobhscaoileadh an dea-scéil, ag obair linn agus ár n-oiliúint i ngach uile ghné den obair sin. Tugann siad spreagadh pearsanta dúinn. Chun cabhrú linn ár gcaidreamh pearsanta le hIehova a neartú, tugann na seanóirí áitiúla cuairt orainn sa mbaile, nó ag an Ríocht-halla chun cúnamh nó sólás a thabhairt dúinn ó na Scrioptúir.—Séamas 5:14, 15. Chomh maith leis an obair a dhéanann siad sa bpobal, tá an chuid is mó de na seanóirí ag saothrú a mbeatha agus tá cúraimí teaghlaigh orthu, rudaí a thógann cuid mhaith ama. Tá ár meas tuillte ag na fir seo atá ag obair go crua ar ár son.—1 Teasalónaigh 5:12, 13. - Céard a dhéanann seanóirí an phobail? 
- Cén chaoi a léiríonn na seanóirí go bhfuil suim phearsanta acu ionainn? 
 
 
- 
                                        
- 
	                        
            
            Cé na Cúraimí Atá ar na Cúntóirí?Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
- 
                            - 
                                        CEACHT 16 Cé Na Cúraimí Atá Ar Na Cúntóirí?Maenmar Mír den chruinniú Meitheal craobhscaoilteoirí Ag cóiriú an Ríocht-halla Tá cur síos sa mBíobla ar dhá ghrúpa d’fhir a thugann aire do dhualgais an phobail—seanóirí agus cúntóirí. (Filipigh 1:1) Bíonn cúpla duine acu ag freastal i ngach pobal de ghnáth. Cén obair a dhéanann na cúntóirí ar ár son? Cabhraíonn siad leis na seanóirí. Tá na cúntóirí idir sean agus óg. Is fir spioradálta, coinsiasacha iad ar féidir braith orthu. Déanann siad an ghnáthobair a chaitear a dhéanamh go rialta sna pobail. Tugann sé seo deis do na seanóirí aire a thabhairt dá ndualgais maidir le múineadh agus aoireacht an phobail. Tugann siad cúnamh praiticiúil. Bíonn cúraimí éagsúla ar na cúntóirí. Cuireann cuid acu fáilte roimh na daoine a thagann ag na cruinnithe. Bíonn cuid eile acu i bhfeighil an trealaimh fuaime, ag dáileadh ábhar léitheoireachta, ag coinneáil na gcuntas, agus ag comhordú na gceantar a bhfuil baill an phobail ag dul ag craobhscaoileadh iontu. Déanann siad obair chothabhála ar an Ríocht-halla chomh maith. Nuair a bhíonn gá leis, iarrann na seanóirí orthu cúnamh a thabhairt dóibh siúd atá ag teannadh amach sna blianta. Cibé obair a thugtar le déanamh do na cúntóirí, déanann siad go dúthrachtach é, agus tuilleann siad meas an phobail dá bharr.—1 Tiomóid 3:13. Tugann siad dea-shampla. Ceaptar fir a bhfuil cáilíochtaí spioradálta acu mar chúntóirí. Neartaíonn siad ár gcreideamh nuair a chuireann siad míreanna i láthair ag na cruinnithe. Nuair a thógann siad ceannasaíocht i gcraobhscaoileadh an dea-scéil, méadaíonn siad ár ndíograis. Cuireann siad le suaimhneas agus le leas an phobail trína gcomhoibriú leis na seanóirí. (Eifisigh 4:16) In am tráth, is féidir leosan freisin cáiliú chun freastal mar sheanóirí. - Cén sórt fir iad na cúntóirí? 
- Cén chaoi a gcabhraíonn na cúntóirí le riaradh an phobail? 
 
 
- 
                                        
- 
	                        
            
            Cén Chaoi a gCabhraíonn An Feighlí Ceantair Linn?Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
- 
                            - 
                                        CEACHT 17 Cén Chaoi a gCabhraíonn Feighlithe Ceantar Linn?An Mhaláiv Meitheal Craobhscaoilteoirí Ag Craobhscaoileadh Cruinniú Seanóirí Tá Barnabas agus an t-aspal Pól luaite go minic sna Scrioptúir Gréigise Críostaí. D’fhreastal na fir seo mar fheighlithe taistil ag tabhairt cuairte ar na pobail Chríostaí a bhí ann ag an am. Cén fáth? Mar bhí siad ag déanamh imní dá mbráithre a bhí sna pobail sin. Dúirt Pól go raibh sé ag iarraidh dul ar ais agus cuairt a thabhairt ar na bráithre go bhfeicfeadh sé cén chaoi a raibh siad. Bhí sé sásta cúpla céad ciliméadar a chur de chun a dhul agus iad a neartú. (Gníomhartha 15:36) Sin é an meon céanna atá ag feighlithe taistil na linne seo. Tagann siad le muid a spreagadh. Tugann gach feighlí ceantair cuairt ar suas le 20 pobal, ag caitheamh seachtaine le gach ceann acu faoi dhó sa mbliain. Is féidir linn tairbhe a bhaint as an taithí atá ag an bhfeighlí ceantair, agus taithí a bhean chéile má tá sé pósta. Déanann siad a ndícheall aithne a chur ar idir óg agus aosta agus is maith leo a dhul linn ag craobhscaoileadh agus ag múineadh an Bhíobla do dhaoine. Déanann na feighlithe seo aoireacht ar an bpobal in éineacht leis na seanóirí, agus tugann siad cainteanna spreagúla ag na cruinnithe agus na tionóil chun muid a neartú.—Gníomhartha 15:35. Bíonn suim acu i gcách. Tá an-suim ag an bhfeighlí ceantair i staid spioradálta na bpobal atá faoina chúram. Casann siad leis na seanóirí agus na cúntóirí chun an dul chun cinn a mheas. Tugann siad comhairle phraiticiúil dóibh lena gcuid dualgais a láimhseáil. Cabhraíonn siad leis na gceannródaithe barr feabhais a chur ar an gcaoi a gcraobhscaoileann siad an dea-scéal. Is maith leo aithne a chur ar dhaoine nach bhfuil i bhfad ag freastal ar na cruinnithe, agus an dul chun cinn spioradálta atá siad a dhéanamh a fheiceáil. Oibríonn an feighlí ceantair go dícheallach in éineacht linn ar son ár leasa. (2 Corantaigh 8:23) Ba chóir dúinn aithris a dhéanamh ar a gcreideamh agus ar a ndílseacht do Dhia.—Eabhraigh 13:7. - Cén fáth a dtugann an feighlí ceantair cuairt ar na pobail atá faoina chúram? 
- Cén chaoi ar féidir leat tairbhe a bhaint as cuairt an fheighlí ceantair? 
 
 
- 
                                        
- 
	                        
            
            Cén Chaoi a gCabhraíonn Muid Lenár mBráithre In Am An Ghátair?Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
- 
                            - 
                                        CEACHT 18 Cén Chaoi a gCabhraíonn Muid Lenár mBráithre In Am An Ghátair?An Phoblacht Dhoiminiceach An tSeapáin Háítí Nuair a tharlaíonn tubaiste déanann Finnéithe Iehova socruithe láithreach chun teacht i gcabhair ar a mbráithre atá i gcruachás. Léiríonn na hiarrachtaí seo an grá atá againn dá chéile. (Eoin 13:34, 35; 1 Eoin 3:17, 18) Cén chaoi a gcabhraíonn muid? Tugann muid síntiúis airgid. Nuair a tharla gorta mór in Iúdáia sa gcéad aois, chuir na Críostaithe a bhí in Aintíoch airgead chuig a mbráithre chun cabhrú leo. (Gníomhartha 11:27-30) Ar an gcaoi chéanna, nuair atá ár mbráithre ag fulaingt cruatain in áit éigean ar domhan, cuireann muid síntiúis ar fáil trínár bpobal áitiúil chun na hábhair atá ag teastáil a sholáthair dóibh.—2 Corantaigh 8:13-15. Tugann muid cabhair phraiticiúil. Téann na seanóirí atá ag láthair na tubaiste, ar thóir gach ball den phobal chun a chinntiú go bhfuil siad ar fad slán. Eagrófar coiste fóirithinte, más gá, chun bia, uisce glan, éadaí, foscadh agus cóir leighis a chur ar fáil. Téann go leor d’Fhinnéithe Iehova a bhfuil na scileanna cuí acu go dtí láthair na tubaiste ar a gcostas féin, agus tógann siad páirt san obair fóirithinte ag cur caoi ar thithe agus ar Ríocht-hallaí. Tá muid in ann gníomhú go tapa in am an ghátair de bhrí go bhfuil muid aontaithe mar eagraíocht agus go bhfuil taithí mhaith againn ar a bheith ag obair le chéile. Cé go dtugann muid lámh chúnta do “líon tí an chreidimh” téann muid i gcabhair ar dhaoine eile freisin nuair is féidir, is cuma cén creideamh atá acu.— Galataigh 6:10. Cuireann muid sólás ón mBíobla ar fáil. Bíonn sólás ag teastáil, chomh maith, uatha siúd a ngoilleann tubaiste orthu. Is é “Dia an tsóláis uile” ár neart, nuair a bhíonn muid i gcruachás. (2 Corantaigh 1:3, 4) Bíonn áthas orainn gealltanais an Bhíobla a roinnt leo siúd atá éadóchasach, ag meabhrú dóibh go gcuirfidh Ríocht Dé deireadh le tubaistí go luath.—Apacailipsis 21:4. - Cén fáth a bhfuil na Finnéithe in ann gníomhú go tapa nuair a tharlaíonn tubaiste? 
- Cén sólás scrioptúrtha atá muid in ann a thabhairt dóibh siúd a thagann slán ó thubaiste? 
 
 
- 
                                        
- 
	                        
            
            Cé hÉ An Seirbhíseach Iontaofa Ciallmhar?Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
- 
                            - 
                                        CEACHT 19 Cé hÉ An Seirbhíseach Iontaofa Ciallmhar?Baineann muid ar fad tairbhe as ár mbia spioradálta Go gairid sula bhfuair sé bás, labhair Íosa go príobháideach le ceathrar dá chuid deisceabail—Peadar, Séamas, Eoin, agus Aindrias. Le linn dó a bheith ag tairngreacht faoi chomhartha a láithreachta sna laethanta deireanacha, chuir sé ceist thábhachtach: “Cé hé, más ea, an seirbhíseach iontaofa ciallmhar ar cheap a mháistir os cionn sclábhaí a theaghlaigh é chun a gcuid bia a thabhairt dóibh i dtráth?” (Matha 24:3, 45; Marcas 13:3, 4) Bhí Íosa, an “máistir,” ag tabhairt le fios go gceapfadh seisean grúpa, nó seirbhíseach. Chuirfeadh an grúpa seo bia spioradálta ar fáil go seasta dá lucht leanúna le linn na laethanta deireanacha. Cé hé an seirbhíseach seo? Is grúpa beag de lucht leanúna ungtha Íosa é. Is é Bord Stiúrtha Fhinnéithe Iehova an “seirbhíseach.” Cuireann sé bia spioradálta ar fáil d’Fhinnéithe Iehova. Braitheann muid ar an seirbhíseach iontaofa seo chun “ár gcion den arbhar” a thabhairt dúinn go rialta i dtráth.—Lúcás 12:42. Riarann sé teaghlach Dé. (1 Tiomóid 3:15) Chuir Íosa freagracht mhór ar an seirbhíseach nuair a chuir sé an obair a dhéanann eagraíocht Iehova anseo ar an talamh faoina chúram—ag bainistiú a cuid maoine, ag stiúradh chraobhscaoileadh an dea-scéil, agus dár dteagasc trí na pobail. Mar sin, chun an rud a theastaíonn uainn a chur ar fáil dúinn ag an am ceart, dáileann an “seirbhíseach iontaofa ciallmhar” bia spioradálta orainn i bhfoirm ábhair fhoilsithe, chomh maith leis na cláir a chuirtear i láthair ag ár gcruinnithe agus ag ár dtionóil. De bhrí go bhfuil an seirbhíseach dílis d’fhírinní an Bhíobla agus dá choimisiún an dea-scéal a chraobhscaoileadh, tá sé iontaofa; agus tá sé ciallmhar sa mbealach stuama ina riarann sé gnóthaí Chríost ar an talamh. (Gníomhartha 10:42) Tá Iehova ag beannú a chuid oibre agus tá sé seo le feiceáil ón méadú atá tagtha ar líon na bhFinnéithe agus ón bhflúirse bia spioradálta atá ar fáil.—Íseáia 60:22; 65:13. - Cé atá ceaptha ag Íosa chun bia spioradálta a chur ar fáil dá dheisceabail? 
- Cén fáth ar féidir a rá go bhfuil an seirbhíseach iontaofa agus ciallmhar? 
 
 
- 
                                        
- 
	                        
            
            Cén Chaoi a bhFeidhmíonn An Bord Stiúrtha Sa Lá Atá Inniu Ann?Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
- 
                            - 
                                        CEACHT 20 Cén Chaoi a bhFeidhmíonn An Bord Stiúrtha Sa Lá Atá Inniu Ann?Bord Stiúrtha na chéad aoise Ag léamh litir ón mbord stiúrtha Sa gcéad aois, d’fhreastal grúpa beag d’aspail agus de sheanóirí a bhí lonnaithe in Iarúsailéim, mar bhord stiúrtha don phobal Críostaí go léir. Rinne siad cinntí tábhachtacha thar cheann an phobail. (Gníomhartha 15:2) Rinne siad a gcinntí tar éis plé a dhéanamh ar na Scrioptúir agus chloí siad le treoir an spioraid naoimh. (Gníomhartha 15:25) Leantar an modh céanna inniu. Úsáideann Dia é chun a thoil a dhéanamh. Tá an-spéis ag na bráithre ungtha a fhreastalaíonn ar an mBord Stiúrtha i mBriathar Dé, agus tá a lán taithí acu ar a bheith ag déileáil le cúrsaí praiticiúla agus spioradálta. Tagann siad le chéile gach seachtain chun riachtanais an bhráithreachais dhomhanda a mheas. Mar a dhéantaí sa gcéad aois, cuirtear treoir atá bunaithe ar an mBíobla ar fáil, trí litreacha, trí fheighlithe taistil, nó ar bhealaí eile. Cothaíonn sé seo aontas i measc phobal Dé. (Gníomhartha 16:4, 5) Déanann an Bord Stiúrtha ullmhú an bhia spioradálta agus ceapacháin bráithre a riaradh, agus cuireann siad dlús le craobhscaoileadh dhea-scéal na Ríochta. Géilleann siad do threoir an Spioraid Naoimh. Bíonn an Bord Stiúrtha ag faire ar an Té is airde os cionn an domhain go léir, Iehova, agus ar Cheann an phobail, Íosa, chun a dtreoir a fháil. (1 Corantaigh 11:3; Eifisigh 5:23) Ní mhaíonn baill an Bhoird Stiúrtha gur ceannairí iad ar phobal Dé. Leanann siadsan, chomh maith le gach Críostaí ungtha eile, “an tUan cibé áit a dtéann sé.” (Apacailipsis 14:4, Tiomna Nua le Cosslett Ó Cuinn) Is mór ag an mBord Stiúrtha ár bpaidreacha ar a son. - Cé a bhí ar an mbord stiúrtha sa gcéad aois? 
- Cén chaoi a ndéanann Bord Stiúrtha an lae inniu treoir Dé a lorg? 
 
 
- 
                                        
- 
	                        
            
            Céard í Béitéil?Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
- 
                            - 
                                        CEACHT 21 Céard í Béitéil?An Roinn Ealaíne, S.A.M. An Ghearmáin An Chéinia An Cholóim Is focal Eabhraise é Béitéil a chiallaíonn “Teach Dé.” (Geineasas 28:17, 19) Is ainm feiliúnach é do na craobh-oifigí atá bunaithe ag Finnéithe Iehova ar fud an domhain chun tacaíocht agus treoir a thabhairt do chraobhscaoileadh an dea-scéil. Tá an Bord Stiúrtha lonnaithe ag an gceanncheathrú i stáit Nua-Eabhrac, S.A.M., agus is as sin a riarann sé imeachtaí na gcraobh-oifigí atá lonnaithe i dtíortha eile. Teaghlach Bhéitéil a thugtar ar an bhfoireann a bhíonn ag obair ag na hionaid seo. Mar a bheadh teaghlach, oibríonn siad agus cónaíonn siad san áit chéanna, itheann siad a mbéile le chéile, agus déanann siad staidéar ar an mBíobla le chéile.—Salm 133:1. Áit ar leith í Béitéil. Is fir agus mná a thugann tús áite d’Iehova atá ag obair i mBéitéil. Oibríonn siad go lánaimseartha chun toil Dé a dhéanamh agus chun gnóthaí na Ríochta a chur chun cinn. (Matha 6:33) Ní fhaigheann aon duine acu pá ná tuarastal, ach cuirtear bia agus lóistín ar fáil dóibh, agus tugtar liúntas dóibh i gcomhair costais phearsanta. Tá a gcuid oibre féin le déanamh ag gach duine i mBéitéil, bíodh sé sin in oifig, i gcistin, nó i seomra bia. Bíonn cuid acu ag clódóireacht, ag ceangal leabhair, ag déanamh obair tí, ag déanamh obair chothabhála, agus mar sin de. Áit chruógach a thugann tacaíocht do chraobhscaoileadh an dea-scéil. Is é príomhchuspóir gach Béitéil fírinne an Bhíobla a chur ar fáil don oiread daoine agus is féidir. Is sampla amháin den obair a dhéantar i mBéitéil é an bróisiúr seo. Scríobhadh é faoi threoir an Bhoird Stiúrtha, cuireadh chun bealaigh é go leictreonach go dtí na céadta foireann aistriúcháin ar fud an domhain, priontáladh é ar chlóphreasanna ardluais i gcuid d’ionaid Bhéitéil, agus seoladh é go dtí breis agus 110,000 pobal. Is crann taca iad teaghlaigh Bhéitéil don obair is práinní ar fad—craobhscaoileadh an dea-scéil.—Marcas 13:10. - Cé a oibríonn ag Béitéil agus céard a chuirtear ar fáil dóibh? 
- Cén obair phráinneach a bhfuil gach Béitéil ag tabhairt tacaíochta di? 
 
 
- 
                                        
- 
	                        
            
            Céard a Dhéantar Ag Craobh-oifig?Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
- 
                            - 
                                        CEACHT 22 Cén Obair a Dhéantar Ag Craobh-oifig?Oileáin Sholomón Ceanada An Afraic Theas Oibríonn na daoine atá i mBéitéil i ranna éagsúla, ag breathnú i ndiaidh chraobhscaoileadh an dea-scéil i gceann amháin nó níos mó de thíortha. I measc na hoibre a dhéantar don réigiún atá faoina gcúram, tá obair aistriúcháin, priontáil irisí, ceangal leabhar, dáileadh ábhar léitheoireachta, táirgeadh ábhar fuaime/físe, agus mar sin de. Riarann an Coiste Craoibhe imeachtaí na Craobh-oifige. Tá feidhmiú gach craobh-oifig curtha faoi chúram Coiste Craoibhe ag an mBord Stiúrtha. Bíonn triúr, nó níos mó, seanóirí a bhfuil seantaithí acu ar an gCoiste Craoibhe. Coinníonn an coiste an Bord Stiúrtha ar an eolas faoin dul chun cinn atá á dhéanamh i ngach tír atá faoina gcúram, agus faoi aon deacrachtaí ar léir dóibh. Cabhraíonn na tuairiscí seo leis an mBord Stiúrtha cinneadh a dhéanamh maidir leis na hábhair a fhoilseofar amach anseo, i bhfoilseacháin nua, ag cruinnithe agus ag comhthionóil. Cuireann an Bord Stiúrtha a n-ionadaithe amach go rialta chun cuairt a thabhairt ar na craobh-oifigí, agus chun treoir a thabhairt do Choistí Craoibhe lena gcuid dualgais a láimhseáil. (Seanfhocail 11:14) Tugann ionadaí an cheanncheathrú caint, mar pháirt de chlár speisialta a eagraítear chun gach a bhfuil ina gcónaí i limistéar na craobh-oifige a spreagadh. Tugtar tacaíocht do na pobail áitiúla. Is ó bhráithre sa gcraobh-oifig a bhfuil an dualgas sin orthu, a fhaightear an cead pobail nua a bhunú. Is bráithre sa gcraobh-oifig freisin a stiúrann obair na gceannródaithe, na misinéirí, agus na feighlithe ceantar atá ag freastal i limistéar na craobh-oifige. Eagraíonn siad comhthionóil, comhdhálacha, agus tógáil Ríocht-hallaí, agus dáileann siad foilseacháin ar na pobail de réir mar atá siad ag teastáil. Cuireann gach a ndéantar i gcraobh-oifig ord agus eagar ar an mbealach a chraobhscaoiltear an dea-scéal.—1 Corantaigh 14:33, 40. - Cén chaoi a gcabhraíonn Coistí Craoibhe leis an mBord Stiúrtha? 
- Cé na dualgais a mbreathnaítear ina ndiaidh ag craobh-oifig? 
 
 
- 
                                        
- 
	                        
            
            Cén Chaoi a Scríobhtar Agus a nAistrítear Ár bhFoilseacháin?Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
- 
                            - 
                                        CEACHT 23 Cén Chaoi a Scríobhtar Agus a nAistrítear Ár bhFoilseacháin?An Roinn Scríbhneoireachta, S.A.M. An Chóiré Theas An Airméin An Bhurúin Srí Lanca Cuireann muid foilseacháin ar fáil i mbreis agus 750 teanga chun ár ndícheall a dhéanamh an “dea-scéala” a fhógairt “dá gcónaíonn ar talamh, agus do gach cine, agus treibh agus teanga agus pobal.” (Apacailipsis 14:6) Cén chaoi a sáraíonn muid an dúshlán sin? Sáraíonn muid é le cúnamh ó fhoireann scríbhneoirí idirnáisiúnta agus grúpaí d’aistritheoirí dúthrachtacha—Finnéithe Iehova iad go léir. Réitítear an buntéacs i mBéarla. Tá obair Roinn na Scríbhneoireachta faoi chúram an Bhoird Stiúrtha ag ár gceanncheathrú dhomhanda. Eagraíonn an roinn seo obair na scríbhneoirí a oibríonn ag an gceanncheathrú agus ag cuid de na craobh-oifigí. De bhrí go bhfuil foireann scríbhneoirí idirnáisiúnta againn, tá muid in ann ábhair ilchultúrtha a phlé, rud a mheallann léitheoirí ó cheann ceann na cruinne. Seoltar an téacs go dtí na haistritheoirí. Tar éis an téacs a chur in eagar agus a cheadú, seoltar go leictreonach é chuig foirne d’aistritheoirí ar fud an domhain, a aistríonn, a sheiceálann agus a phrofálann é. Déanann siad dianiarracht na focail chearta a roghnú chun brí an Bhéarla a thabhairt leo “le barr cruinnis.”—Cóheilit 12:10. Cuireann ríomhairí dlús leis an bpróiseas. Ní féidir le ríomhaire obair an scríbhneora ná an aistritheora a dhéanamh. Ach is féidir leis dlús a chur leis an obair, trí na foclóirí, na huirlisí teanga, agus na hábhair taighde atá ar fáil go leictreonach. Tá córas ríomhaireachta deartha ag Finnéithe Iehova—Multilanguage Electronic Publishing System (MEPS). Is féidir téacs a chur isteach sa gcóras seo sna céadta teanga, obair ealaíne a chur leis, agus é a réiteach le priontáil. Cén fáth a gcuireann muid an stró sin orainn féin, fiú ar son teangacha nach bhfuil á labhairt ach ag cúpla míle duine? Mar is é toil Iehova é go “slánófaí an uile dhuine agus go gcuirfidís eolas ar an bhfírinne.”—1 Tiomóid 2:3, 4. - Cé na cúraimí atá ar an Roinn Scríbhneoireachta? 
- Cén fáth a n-aistríonn muid ár bhfoilseacháin go dtí an oiread sin teangacha? 
 
 
- 
                                        
- 
	                        
            
            Cá As a dTagann An tAirgead?Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
- 
                            - 
                                        CEACHT 24 Cá As a dTagann An tAirgead?Neipeal Tóga An Bhreatain Foilsíonn agus dáileann ár n-eagraíocht na céadta milliúin Bíobla agus foilseacháin eile gach bliain saor in aisce. Tógann muid Ríocht-hallaí agus craobh-oifigí agus déanann muid obair chothabhála orthu. Tugann muid tacaíocht do na mílte atá ag obair go lánaimseartha i mBéitéil agus do mhisinéirí, agus déanann muid obair fóirithinte in am an ghátair. Mar sin, b’fhéidir go bhfuil tú ag fiafraí díot féin, ‘Cá as a dtagann an t-airgead le haghaidh an obair seo ar fad?’ Ní íocann muid deachúna, ní ghearrann muid táillí, ná ní dhéanann muid bailiúcháin. Cé go bhfuil na costais a bhaineann le craobhscaoileadh an dea-scéil an-ard, ní chuireann muid brú ar dhaoine airgead a thabhairt. Os cionn céad bliain ó shin, dúradh sa dara heagrán den Watchtower, gur chreid muid gurb é Iehova ár gcúltaca agus nach ndéanfadh muid achainí go deo ar dhuine ar bith tacaíocht a thabhairt dúinn—agus ní dhearna!—Matha 10:8. Déantar an obair le tacaíocht ó shíntiúis dheonacha. Tá an-mheas ag go leor daoine ar an teagasc Bíobla a chuireann muid ar fáil agus tugann siad síntiúis dheonacha lena aghaidh. Tá Finnéithe Iehova iad féin breá sásta a gcuid ama, fuinnimh, maoine, agus aon acmhainní eile atá acu a chur ar fáil le toil Dé a dhéanamh ar fud an domhain go léir. (1 Croinicí 29:9) Bíonn boscaí ar fáil ag ár Ríocht-hallaí, ár gcomhthionóil agus ár gcomhdhálacha, inar féidir le daoine síntiúis dheonacha a chur más mian leo. Is féidir síntiúis a thabhairt ar líne ag jw.org chomh maith. Tagann an chuid is mó den airgead ó dhaoine nach bhfuil mórán acu, cosúil leis an mbaintreach bhocht ar mhol Íosa í nuair a chuir sí dhá bhonn airgid nár bhfiú mórán iad i gciste an teampaill. (Lúcás 21:1-4) Ar an gcaoi chéanna is féidir le duine ar bith rud a chur “i dtaisce” go rialta, mar atá “beartaithe ina chroí aige.”—1 Corantaigh 16:2; 2 Corantaigh 9:7. Tá muid cinnte dearfa de, go leanfaidh Iehova air ag spreagadh daoine ar mian leo onóir a thabhairt dó, síntiúis dheonacha a thabhairt chun tacú le craobhscaoileadh an dea-scéil, ionas go gcomhlíonfar a thoil.—Seanfhocail 3:9. - Cé na difríochtaí atá idir muid féin agus reiligiúin eile? 
- Cén chaoi a n-úsáidtear na síntiúis dheonacha? 
 
 
- 
                                        
- 
	                        
            
            Ríocht-hallaí—Cén Fáth Agus Cén Chaoi a dTógtar Iad?Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
- 
                            - 
                                        CEACHT 25 Ríocht-hallaí—Cén Fáth Agus Cén Chaoi a dTógtar Iad?An Bholaiv An Nigéir, an sean agus an nua Taihítí Mar a thugann an t-ainm le fios, tá gach a mhúintear ón mBíobla ag an Ríocht-halla bunaithe ar Ríocht Dé—croílár na teachtaireachta a chraobhscaoil Íosa—Lúcás 8:1. Is ionaid fíoradhartha sa gceantar iad. Is ón Ríocht-halla a eagraítear craobhscaoileadh an dea-scéil sa gceantar. (Matha 24:14) Ní mar a chéile gach Ríocht-halla; níl siad ardnósach, tá cuid acu níos mó ná a chéile, agus ní hé an leagan amach céanna atá orthu ar fad. Bíonn níos mó ná pobal amháin d’Fhinnéithe Iehova ag baint úsáide as cuid acu. Tá na mílte Ríocht-halla tógtha againn le blianta beaga anuas (cúig cinn in aghaidh an lae ar an meán) chun freastal ar an éileamh de réir mar a théann líon na bpobal i méid. Cén chaoi a bhfuiltear in ann é seo a dhéanamh?—Matha 19:26. Tógtar iad le síntiúis dheonacha a chuirtear i gciste lárnach. Seoltar na síntiúis dheonacha seo go dtí an chraobh-oifig, ionas gur féidir an t-airgead a chur ar fáil do phobail a dteastaíonn uathu Ríocht-halla a thógáil nó a athchóiriú. Tógann oibrithe deonacha ó chúlraí éagsúla iad. Tá Foirne Tógála d’oibrithe deonacha, nach bhfaigheann aon phá, eagraithe i go leor tíortha. Téann na foirne seo ó phobal go pobal sa tír chéanna, fiú go dtí áiteanna iargúlta, ag tabhairt cúnamh do na pobail áitiúla lena Ríocht-hallaí a thógáil. Tá Finnéithe cáilithe i dtíortha eile ceaptha chun treoir a thabhairt i dtógáil agus athchóiriú Ríocht-hallaí. Cé go mbíonn go leor ceardaithe oilte ón gceantar ag obair ag gach suíomh, is baill den phobal áitiúil d’Fhinnéithe Iehova iad an chuid is mó den lucht oibre. Is le cabhair ó spiorad Iehova agus obair dhíograiseach a shearbhóntaí atáthar in ann an obair seo a dhéanamh.—Salm 127:1; Colosaigh 3:23. - Cén fáth a dtugtar Ríocht-hallaí ar ár n-ionaid adhartha? 
- Cén chaoi a bhfuiltear in ann Ríocht-hallaí a thógáil ar fud an domhain? 
 
 
- 
                                        
- 
	                        
            
            Cén Chaoi Ar Féidir Linn Ár Ríocht-halla a Choinneáil i gCóir Mhaith?Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
- 
                            - 
                                        CEACHT 26 Cén Chaoi Ar Féidir Linn Cóir Mhaith a Choinneáil Ar Ár Ríocht-halla?An Eastóin An tSiombáib An Mhongóil Pórtó Ríce Tá ainm naofa Dé luaite le gach Ríocht-halla de chuid Fhinnéithe Iehova. Dá bhrí sin, is páirt thábhachtach dár n-adhradh é an phribhléid atá againn cúnamh a thabhairt obair deisiúcháin a dhéanamh ar an Ríocht-halla agus é a choinneáil glan. Is féidir le gach duine an phribhléid seo a bheith acu. Tabhair cúnamh an glanadh a dhéanamh tar éis an chruinnithe. Déanann na bráithre, idir fhir is mhná, glanadh éadrom tar éis na gcruinnithe, chun slacht a choinneáil ar an Ríocht-halla. Tugtar glanadh maith dó uair sa tseachtain. Eagraíonn seanóir nó cúntóir an obair de réir liosta oibre. Déantar an t-urlár a scuabadh agus a níochán; na cathaoireacha a shocrú, na leithris a ghlanadh agus a dhíghalrú, na fuinneoga agus na scátháin a ghlanadh, an bruscar a fholmhú, agus an taobh amuigh den halla agus an clós a choinneáil glan. Glantar ó bhun go barr é, uair amháin sa mbliain ar a laghad. Foghlaimíonn ár bpáistí le meas a bheith acu ar ár n-ionad adhartha nuair a thugann muid cead dóibh cúnamh a thabhairt leis an obair seo.—Cóheilit 4:17. Tabhair cúnamh le hobair deisiúcháin a dhéanamh. Déantar cigireacht gach bliain ar an Ríocht-halla taobh istigh agus taobh amuigh. De réir na cigireachta sin, déantar obair deisiúcháin go rialta chun slacht a choinneáil ar an Ríocht-halla agus chun costais nach bhfuil gá leo a sheachaint. (2 Croinicí 24:13; 34:10) Bíonn Ríocht-halla atá glan agus coinnithe i gcóir mhaith feiliúnach chun Dia a adhradh ann. Léiríonn muid ár ngrá d’Iehova, agus an meas atá againn ar ár n-ionad adhartha nuair a thugann muid cúnamh an obair seo a dhéanamh. (Salm 122:1) Téann sé i bhfeidhm ar phobal na háite chomh maith.—2 Corantaigh 6:3. - Cén fáth nár cheart dúinn faillí a dhéanamh ar ár n-ionad adhartha? 
- Cé na socruithe atá déanta chun an Ríocht-halla a choinneáil glan? 
 
 
- 
                                        
- 
	                        
            
            Ag Baint Tairbhe As Leabharlann An Ríocht-hallaCé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
- 
                            - 
                                        CEACHT 27 Ag Baint Tairbhe As Leabharlann An Ríocht-hallaIosrael Poblacht na Seice Beinin Oileáin Cayman Ar mhaith leat taighde a dhéanamh chun cur le do stór eolais ar an mBíobla? An bhfuil tú ag iarraidh tuilleadh eolais faoi scrioptúr, duine, nó áit atá luaite sa mBíobla? Ar smaoinigh tú riamh go mb’fhéidir go mbeadh Briathar Dé in ann cabhrú leat déileáil le rud éigin atá ag déanamh imní duit? Más sin é an cás, tabhair cuairt ar leabharlann an Ríocht-halla. Tá uirlisí taighde ar fáil ann. B’fhéidir nach bhfuil na foilseacháin go léir atá ar fáil i do theanga agat. Ach gheobhaidh tú an chuid is mó de na foilseacháin is déanaí i leabharlann an Ríocht-halla. Bíonn aistriúcháin éagsúla den Bhíobla ann, foclóir maith, agus leabhair tagartha. Tá saorchead agat an leabharlann a úsáid, roimh agus tar éis na gcruinnithe. Má tá ríomhaire ann, beidh an Watchtower Library air. Is ríomhchlár é seo a bhfuil bailiúchán dár bhfoilseacháin air agus is féidir é a úsáid chun focal, ábhar, nó scrioptúr a chuardach. Tá sé áisiúil chun taighde a dhéanamh i gcomhair na gcruinnithe. Má tá caint le tabhairt agat ag an gcruinniú, is féidir leat leabharlann an Ríocht-halla a úsáid chun réiteach lena aghaidh. Bíonn an leabharlann faoi chúram duine de na seanóirí. Bíonn sé de dhualgas airsean a chinntiú go bhfuil na foilseacháin is déanaí sa leabharlann agus go bhfuil siad in ord agus in eagar. Is féidir leisean nó le do mhúinteoir taispeáint duit an chaoi leis an eolas atá uait a aimsiú. Ní cheadaítear aon leabhar a thógáil as an Ríocht-halla. Ar ndóigh, tá muid ag iarraidh aire mhaith a thabhairt do na leabhair agus gan aon mharcanna a chur orthu. Tá sé ráite sa mBíobla má tá tú ag iarraidh aithne a chur ar Dhia go gcaithfidh tú cuardach a dhéanamh ar nós “mar a lorgófá airgead.” (Seanfhocail 2:1-5) Cabhróidh leabharlann an Ríocht-halla leat tús a chur le do chuardach. - Cé na huirlisí taighde atá ar fáil i leabharlann an Ríocht-halla? 
- Cé atá in ann cabhrú leat an úsáid is fearr a bhaint as an leabharlann? 
 
 
- 
                                        
- 
	                        
            
            Céard Atá Le Fáil Ar Ár Láithreán Gréasáin?Cé Atá Ag Déanamh Toil Iehova Inniu?
- 
                            - 
                                        CEACHT 28 Céard Atá Le Fáil Ar Ár Láithreán Gréasáin?An Fhrainc An Pholainn An Rúis Dúirt Íosa lena lucht leanúna: “Bíodh bhur solas ag taitneamh os comhair daoine chun go bhfeicfidís bhur ndea-ghníomhartha agus go nglóireoidís bhur nAthair atá ar neamh.” (Matha 5:16) Chun é sin a dhéanamh, tá muid ag baint úsáid mhaith as an teicneolaíocht nua-aimseartha. Is foinse oifigiúil faisnéise faoi chreideamh agus imeachtaí Fhinnéithe Iehova é ár láithreán gréasáin, jw.org. Céard atá le fáil air? Freagraí ón mBíobla ar cheisteanna a chuirtear go minic. Mar shampla, tá na bileoga An mBeidh Deireadh go Deo le Fulaingt? agus An Féidir Leis na Mairbh Maireachtáil Arís? ar fáil ar líne i mbreis agus 600 teanga. Tá an New World Translation ar fáil air, i mbreis agus 130 teanga, chomh maith leis na heagráin is déanaí den Watchtower agus Awake! Tá áiseanna i gcomhair staidéar an Bhíobla air, an bróisiúr Dea-Scéala Ó Dhia! ina measc. Is féidir na foilseacháin seo a léamh ar líne, nó éisteacht leo, nó iad a íoslódáil i bhformáid éagsúla, ar nós MP3, PDF, nó EPUB. Is féidir leat cúpla leathanach a phriontáil chun iad a thabhairt do dhaoine eile ina dteanga féin fiú! Tá físeáin ar fáil i go leor de na teangacha comharthaíochta. Is féidir leat léitheoireacht dhrámata ón mBíobla, drámaí atá bunaithe ar an mBíobla, agus ceol álainn a íoslódáil le taitneamh a bhaint astu ar do sháimhín só. Eolas cruinn faoi Fhinnéithe Iehova. Tá an nuacht agus na físeáin is déanaí maidir lenár n-obair dhomhanda, imeachtaí a bhaineann le Finnéithe Iehova, agus an obair fóirithinte a dhéanann muid le fáil air. Gheobhaidh tú eolas air faoi chomhdhálacha agus faoin mbealach le teagmháil a dhéanamh linn. Ar an mbealach seo, tá muid ag soilsiú solas na fírinne sna háiteanna is iargúlta ar domhan. Tá daoine as gach mór-roinn ag baint tairbhe as. Guíonn muid go gcoinneoidh an dea-scéala air ag scaipeadh go tapa ar fud an domhain go léir, chun glóire Iehova.—2 Teasalónaigh 3:1. - Cén chaoi a bhfuil jw.org ag cabhrú le níos mó daoine fírinne an Bhíobla a fhoghlaim? 
- Céard a thaitneodh leat a fheiceáil ar ár láithreán gréasáin? 
 
 
-