Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 76 lth. 180-lth. 181 alt 2
  • Dúthracht Íosa do Theach a Athar

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • Dúthracht Íosa do Theach a Athar
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Glannann Íosa an Teampall
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 76 lth. 180-lth. 181 alt 2
Tiomáineann Íosa na hainmhithe amach as an teampall le fuip agus leagann sé na boird a raibh an t-airgead orthu

CEACHT 76

Dúthracht Íosa do Theach a Athar

In earrach na bliana 30 CR, chuaigh Íosa go dtí Iarúsailéim. Bhí slua mór tagtha go dtí an chathair sin chun Cáisc na nGiúdach a cheiliúradh. Mar chuid den cheiliúradh dhéanaidís ainmhithe a íobairt ag an teampall. Thugadh cuid de na daoine na hainmhithe leo, agus cheannaíodh cuid eile acu na hainmhithe in Iarúsailéim.

Nuair a chuaigh Íosa go dtí an teampall chonaic sé daoine ag díol ainmhithe ann. Bhí siad ag déanamh airgid dóibh féin i dteach adhartha Iehova! Céard a cheap Íosa faoi seo? Rinne sé fuip as rópaí agus thiomáin sé na caoirigh agus na beithígh amach as an teampall. Leag sé boird agus chaith sé an t-airgead ar an talamh. Dúirt Íosa leo siúd a bhí ag díol na gcolm: ‘Tógaigí na rudaí sin as an áit seo! Ná bígí ag déanamh ionad margaidh de theach m’Athar!’

Chuir an rud a rinne Íosa ag an teampall an-iontas ar dhaoine. Chuimhnigh a dheisceabail ar an méid a bhí tuartha faoin Meisias: ‘Beidh mé lán de dhúthracht do theach Iehova.’

Níos déanaí sa mbliain 33 CR ghlan sé an teampall den dara huair. Ní ligfeadh sé do dhuine ar bith aon rud a dhéanamh a léireodh dímheas ar theach a Athar.

“Ní féidir daoibh Dia a riaradh agus an t-airgead.”—Lúcás 16:13

Ceisteanna: Céard a rinne Íosa nuair a chonaic sé daoine ag díol ainmhithe sa teampall? Cén fáth a ndearna Íosa é sin?

Matha 21:12, 13; Marcas 11:15-17; Lúcás 19:45, 46; Eoin 2:13-17; Salm 69:10 (69:9 i mBíoblaí eile)

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn