Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • lfb ceacht 21 lth. 54-lth. 55 alt 2
  • An Deichiú Plá

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Deichiú Plá
  • Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Ábhar Den Chineál Céanna
  • Maois Agus Arón le Faró
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
  • An Chéad Trí Phlá
    Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
  • Fuasclaíonn Dia Sliocht Iosrael
    An Bíobla—Cén Teachtaireacht atá Ann?
  • Droch-rí san Éigipt
    Mo Leabhar de Scéalta ón mBíobla
Tuilleadh
Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla
lfb ceacht 21 lth. 54-lth. 55 alt 2
Fear Iosraeilíteach ag cur fuil ar fhráma a dhorais

CEACHT 21

An Deichiú Plá

Gheall Maois d’Fharó nach dtiocfadh sé ina láthair arís. Ach sular fhág sé Faró dúirt sé leis: ‘Gheobhaidh gach céadghin san Éigipt bás ar uair an mheán oíche, ó mhac Fharó go dtí mac an sclábhaí.’

Dúirt Iehova leis na hIosraeilítigh béile speisialta a réiteach. Dúirt sé leo: ‘Maraígí caora nó gabhar fireann atá bliain d’aois, agus cuirigí a chuid fola ar fhráma an dorais. Róstaigí an fheoil, agus ithigí é le harán slim. Bígí gléasta agus bhur mbróga oraibh, réidh le himeacht. Saorfaidh mé sibh anocht.’ Samhlaigh na sceitimíní a bhí ar na hIosraeilítigh.

Ar uair an mheán oíche, chuaigh aingeal Iehova go dtí gach teach san Éigipt. Fuair an chéadghin bás i dteach ar bith nach raibh an fhuil curtha ar fhráma a dhorais. Ach níor bhac an t-aingeal le teach ar bith a raibh an fhuil air. Chaill gach teaghlach san Éigipt, bocht agus saibhir, a gcéadghin. Ach níor bhásaigh aon duine de pháistí na nIosraeilíteach.

Fuair mac Fharó bás freisin. Ní raibh Faró in ann cur suas le níos mó. Dúirt sé le Maois agus Árón: ‘Éirígí. Gabh amach as seo. Téigí agus adhraigí bhur nDia. Tugaigí libh bhur n-ainmhithe agus imígí!’

Bhí an ghealach lán nuair a mhairseáil na hIosraeilítigh amach as an Éigipt, agus iad eagraithe de réir teaghlach agus treibh. Bhí 600,000 fear Iosraeilíteach agus cuid mhaith ban agus páistí ina measc. Chuaigh líon mór eile daoine leo freisin chun Iehova a adhradh. Bhí na hIosraeilítigh saor ar deireadh thiar!

Bhí béile speisialta mar é seo le bheith acu gach bliain i gcuimhne ar an gcaoi ar shábháil Iehova iad. Cáisc na nGiúdach a thugtaí air.

Máirseáleann na hIosraeilítigh amach as an Éigipt

“Is chuige seo go díreach a d’ardaigh mé  thú chun feidhm a bhaint asat le mo chumhacht a thaispeáint agus m’ainm a  fhógairt ar fud an domhain go léir.”—Rómhánaigh 9:17

Ceisteanna: Céard a bhí sa deichiú plá? Céard a bhí ar na hIosraeilítigh a dhéanamh chun iad féin a chosaint ón bplá seo?

Eaxodus 11:1–12:42; 13:3-10

    Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
    Logáil Amach
    Logáil Isteach
    • Gaeilge
    • Roinn
    • Roghanna
    • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
    • Téarmaí Úsáide
    • Polasaí Príobháideachta
    • Privacy Settings
    • JW.ORG
    • Logáil Isteach
    Roinn